Níl i bplean na gardaí faoi shábháilteacht ar na bóithre ach ‘PR’

Deir gardaí agus lucht feachtais ar son sábháilteachta ar na bóithre nach sábhálfaidh an plean nua daoine

Tá cur síos ar phlean do ghardaí chun na bóithre a phóilíniú ar feadh 30 nóiméad in aghaidh an tsealta (per shift) mar ‘chleachtadh caidreamh poiblí gan úsáid’.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris an straitéis nua tar éis méadú ar líon na mbásanna ar na bóithre.

Tá easnamh freisin in aonaid tiomnaithe póilíneachta bóithre (road policing units), atá ag déileáil le beagnach dhá oiread líon na ngluaisteán ar na bóithre agus a bhí 15 bliana ó shin.

D'fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris an straitéis nua tar éis méadú ar líon na mbásanna ar na bóithre
D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris an straitéis nua tar éis méadú ar líon na mbásanna ar na bóithre

Chuir an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ((Road Safety Authority, RSA) fáilte roimh an bplean nua ach cháin feachtóirí eile um shábháilteacht ar bhóithre agus baill den Gharda Síochána é.

Dúirt Gardaí nach mbeadh aon éifeacht leis, dar leis an Irish Daily Mail.

Dúirt garda amháin, in iardheisceart na tíre: ‘Níl aon mhaitheas lena rá le gach garda 30 nóiméad de phóilíneacht bóithre a dhéanamh.

‘Is gá athchóiriú (overhaul) iomlán a dhéanamh ar an gcóras póilíneachta bóithre.

‘Ach ní dhéanann sé ciall ó thaobh praiticiúil freisin.

‘Tá an iomarca oibre riaracháin (admin work) á déanamh ag Gardaí cheana féin. Is tromluí riaracháin é iarraidh ar gach ball dul amach agus 30 nóiméad a dhéanamh.’

Dúirt siad: ‘Cá dtosaíonn tú fiú? Tugadh na veaineanna luais (speed vans) isteach chun gardaí a mhaolú ó obair gunnaí radair (radar gun). Ach anois is athrú iomlán é sin.’

Dúirt ball eile i mBaile Átha Cliath: ‘Ní dóigh liom gur féidir le haon rud maith teacht as seo. Cleachtadh caidreamh poiblí gan úsáid atá ann, i mo thuairim.

 Liz O’Donnell
 Liz O’Donnell

‘Is é an rud atá le déanamh aige ná go gcuirfidh sé níos mó brú ar do ghnáth-gharda dul amach agus líon coireanna tiomána (motoring offences) stáisiúin a mhéadú.

‘Ní bhíonn sé go maith riamh nuair a théann tú ar thóir staitisticí. Cruthaíonn sé fadhbanna agus féadann sé nimh san fheoil (bad blood) a chur faoi deara idir an pobal agus gardaí an cheantair.’

Dúirt garda eile as Baile Átha Cliath: ‘Nuair a bheidh an suim sna meáin chumarsáide (media) imithe, rachaidh rudaí ar ais mar a bhíonn siad – sin mar atá i gcónaí.’

Ó 2009 i leith, tá laghdú ó 1,046 go 647 i mbliana ar líon na ngardaí atá tiomnaithe do phóilíneacht bóithre – titim de 399.

Sa tréimhse chéanna, tá méadú 440,000 ar a laghad tagtha ar líon na bhfeithiclí ceadúnaithe (licensed vehicles) ar na bóithre – ó 2.46 milliún in 2009 go dtí breis agus 2.9 milliún anois.

Dúirt Pat Leahy, iar-choimisinéir cúnta an Gharda Síochána do Bhaile Átha Cliath, áfach, go ndéanfaidh an leibhéal infheictheachta (visibility) níos airde ar ár mbóithre difríocht.

Peadar Tóibín
Peadar Tóibín

Dúirt sé: ‘Ní mór díriú ar shaolta a shábháil agus dochar a laghdú.’

Chuir an RSA fáilte roimh an scéala freisin. ‘Tá forfheidhmiú (enforcement) ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo agus fáiltím go mór roimh an bhfreagra seo ar mo ghlao ar níos mó gardaí a imscaradh láithreach chuig sábháilteacht bóithre,’ a dúirt a cathaoirleach Liz O’Donnell.

Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín, áfach, go bhfuil a fhios aige go bhfuil go leor gardaí a cuireadh faoi agallamh maidir le poist póilíneachta bóithre chomh fada siar le 2022, ach nár sannadh go fóill.

Dúirt sé: ‘Ní ligfidh a stáisiúin iad dul ann, mar go bhfuil siad chomh gnóthach sin.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram