Creideann Gardaí go bhfuil deireadh curtha acu le hoibríocht mhór idirnáisiúnta smuigleála drugaí, tar éis roinnt gabhálacha Déardaoin.
Gabhadh deichniúr agus urghabhadh (seized) roinnt feithiclí i ndiaidh oibríocht na nGardaí i sráidbhailte An Léim (Leap) agus Trá Omna (Tragumna) gar don Sciobairín (Skibbereen) in iarthar Chorcaí.
Creideann Gardaí go bhfuil an 10 bhfear ina mbaill de dhrong (gang) idirnáisiúnta a bhfuil baint acu le soláthar agus dáileadh drugaí isteach san Eoraip ó Mheiriceá Theas, de réir tuairisc san Irish Times.
Is Spáinnigh seisear acu, is náisiúnaigh Ísiltíreacha (Dutch) beirt díobh, is Seirbiach duine acu agus is as an Tuaisceart é fear amháin.
Oibríocht mhór agus fhada de chuid na nGardaí i gcoinne na coireachta eagraithe (organised crime) a bhí anseo, de réir The Journal.
Tá an oibríocht ar siúl le roinnt laethanta anuas ar amhras go raibh drugaí á dtabhairt i dtír in iarthar Chorcaí as bád.
Agus thaispeáin íomhánna (images) a scaipeadh ar na meáin shóisialta fir, agus iad ina luí in aice le veain campála le ‘handcuffs’, tar éis do ghardaí iad a ghabháil.
Gabhadh seisear fear tar éis stop a chur le veain champála sa Léim (Leap), atá cláraithe thar lear.
Gabhadh triúr eile nuair a bhí siad ag taisteal i 4×4; agus gabhadh fear eile nuair a bhí sé ag fágáil Trá Omna (Tragumna) i leoraí altach a d’ardaigh amhras áitiúla nuair a tharraing sé isteach sa charrchlós in aice le teach tábhairne an Skibbereen Eagle timpeall meán oíche Dé Céadaoin.
Dúirt Gardaí go raibh an deichniúr fear, a théann in aois idir 20idí agus lár na 50idí, á gcoinneáil faoi reachtaíocht na coireachta eagraithe ag stáisiúin na nGardaí i gCo. Chorcaí.
Dúirt siad gur urghabhadh roinnt feithiclí mar chuid den oibríocht. Rinneadh cuardach fairsing Déardaoin ach ní bhfuarthas aon drugaí faoi oíche Déardaoin.
De réir tuairisc an Irish Times, stop na gardaí an leoraí a bhí cláraithe thar lear agus d’aimsigh siad bád a raibh trí inneall ardchumhachta air sa leantóir.
Creidtear go raibh sé i gceist ag drong an bád a úsáid chun taisteal as Trá Omna chun drugaí a bhailiú ó long áit éigin amach ón gcósta.
Tá amhras ar na Gardaí gur sheol an drong an bád agus a cuireadh chun farraige ach b’éigean dóibh a misean a thréigean mar gheall ar an aimsir.
Creidtear gur fhill siad ar tír, gur chuir siad an bád ar ais sa leantóir agus go raibh siad ag fágáil Trá Omna nuair a ghabh gardaí iad, de réir an tuairisc.
Dúirt foinse go raibh an seisear amhrastach a gabhadh sa Léim (Leap) fós ag caitheamh éadaí fliucha nuair a gabhadh iad.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.