

Fógrófar Buiséad 2027 amárach. Cuirfidh TG4 clúdach cuimsitheach de Bhuiséad 2027 ar fáil Lá an Bhuiséid, amárach an 6 Deireadh Fómhair 2026, ina gcuid cláracha nuachta agus cúrsaí reatha ar fad.

Cuirfear tús le clúdach beo teilifíse TG4 ag 14:30 leis an gclár speisialta Buiséad 2027, a bheidh á chur i láthair ag Eimear Ní Chonaola. Cuirfidh comhfhreagraí polaitíochta TG4, Donncha Ó Murchú, an nuacht is déanaí as Dáil Éireann i láthair don lucht féachana, agus beidh polaiteoirí agus saineolaithe sa stiúideo chun a dtuairimí féin a thabhairt ar na mórphointí sa bhuiséad agus chun mionanailís a dhéanamh orthu.
Cuirfear léargas, comhthéacs agus anailís saineolaithe ar na bearta atá i mBuiséad 2026 ar fáil ag 19:00 ar Nuacht TG4, a bheidh á cur i láthair ag Siún Nic Gearailt. Beifear ag díriú go háirithe ar an tionchar a bheidh ag na bearta sin ar an tsochaí i gcoitinne.
Ansin ag 20:00 ar an gclár 7LÁ, a bheidh á chur i láthair ag Beirní Ní Chuinn beo as Teach Laighean, déanfaidh lucht polaitíochta, tráchtairí agus lucht anailíse tuilleadh plé agus díospóireachta ar na himpleachtaí trí chéile a bheidh ag an mBuiséad do dhaoine sa Ghaeltacht, do phobail ar fud na hÉireann agus do na heagraíochtaí Gaeilge.
Beidh míreanna speisialta ag Nuacht Cúla4 freisin i rith sheachtain an Bhuiséid a bheidh dírithe ar an lucht féachana níos óige chun cabhrú leo tuiscint a fháil ar na ceisteanna agus cinntí móra a mbeidh tionchar acu ar a saol amach anseo.




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.