

Ba mhór an t-iontas agus an t-áthas a bhí ar Laura Ní Aoidhne nuair a fógraíodh a hainm mar Réalta Óg na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i gCill Áirne an tseachtain seo caite.
Cé nach raibh sí ag súil leis an aitheantas, ba mhór an onóir é do Laura, atá ag cothú gairme sna meáin Ghaeilge, idir an aisteoireacht agus an iriseoireacht.

Labhair Laura le ExtraG faoin ghradam, faoin turas a thug isteach i saol na meán í agus faoin tacaíocht a fuair sí ó dhaoine ar fud phobal na Gaeilge.
Is í Oireachtas na Samhna an fhéile is mó i bhféilire na nGael, agus cuirtear tús léi ar an Chéadaoin dheireanach de mhí Dheireadh Fómhair, agus leanann sí ar aghaidh go dtí an Domhnach.
Bíonn breis agus 70 comórtas ar siúl le linn na féile, chomh maith le himeachtaí speisialta do pháistí agus craoltaí beo ar fáil dóibh siúd nach féidir leo freastal go pearsanta.
Cuirtear tús le himeachtaí na Céadaoine le dhá shearmanas gradam mhóra: Gradaim Chumarsáide an Oireachtais agus na Gradaim Liteartha.
Is sraith gradam iad Gradaim Chumarsáide an Oireachtais a thugann aitheantas don ardchaighdeán agus do na sáriarrachtaí atá le sonrú in earnáil na cumarsáide Gaeilge, idir an teilifís, an raidió, an iriseoireacht agus na meáin dhigiteacha.

Bhí trí chatagóir déag ar chlár na ngradam i mbliana, agus ba é painéal moltóirí a roghnaigh buaiteoirí na gcatagóirí éagsúla.
Is ar bhonn vóta poiblí, áfach, a roghnaíodh Réalta Óg na Bliana – Laura Ní Aoidhne.
Nuair a fiafraíodh di cad é mar a mhothaigh sí nuair a chuala sí a hainm á fhógairt, dúirt Laura le ExtraG:
“Le fírinne, ní raibh mé ag súil leis ar chor ar bith. Deir daoine é sin nuair a bhuann siad gradam. In amanna, is í an fhírinne é, ní bhíonn siad ag súil leis. In amanna eile, bíonn a fhios ag an bhuaiteoir i gcúl a chloiginn gur leo a bhí sé.
“Sa chás seo, sa chatagóir ina raibh mé, bhí caighdeán na n-iomaitheoirí chomh hard sin go mbeadh sé tuillte ag duine ar bith againn. Ba phribhléid é a bheith ainmnithe ina measc.”
Ina hóráid ghlactha ar an stáitse an oíche sin, ghabh Laura buíochas leis na daoine ina saol a thugann tacaíocht di – a clann agus a cairde a bhí i gCill Áirne léi, chomh maith lena comhghleacaithe oibre.
Bhí sí ag iarraidh aitheantas a thabhairt, áfach, do na daoine a bhí ag tacú léi i ngan fhios di féin.
“Is rud amháin é tacaíocht a fháil ó na daoine a bhíonn timpeall orm, i mo shaol pearsanta agus gairmiúil araon, ach chuir sé ag smaoineamh mé faoi na daoine a thacódh liom nach bhfuil os mo chomhair.
“Ós rud é go raibh an próiseas roghnúcháin bunaithe ar vóta poiblí, chuir sé gliondar ar mo chroí nuair a smaoinigh mé ar an líon daoine a chaith vóta ar mo shon i ngan fhios dom.”
Níor tháinig deis gan dua, áfach.

Chuir Laura tús lena haistear sna meáin cúpla bliain ó shin, tar éis di céim a bhaint amach i Nua-Theangacha na hEorpa ó Ollscoil Mhá Nuad.
Ina dhiaidh sin, chuaigh sí ag taisteal sular thug sí triail don mhúinteoireacht.
Ba san fhómhar 2023 a fuair sí deis tabhairt faoi intéirneacht le TG4.
Agus í ag caint faoin deis sin, chuir Laura síos ar an tábhacht a bhí leis an intéirneacht agus ar an obair a rinne sí chun í a bhaint amach.
“Ba mhór an phribhléid é áit a fháil ar Scéim Intéirneachta TG4. Bhí a fhios agam go maith ag an am an clú agus an cháil a bhí ar an scéim. D’ullmhaigh mé go maith le cur isteach uirthi, agus bhí obair dheonach ar bun agam le cúpla mí roimhe sin ar an raidió agus mé ag tabhairt faoi chúrsaí san earnáil.
“Is cuimhin liom ríomhphoist a sheoladh chuig gach ardán Gaeilge ag iarraidh taithí a fháil. B’fhiú go mór é – ní féidir luach na bliana sin a chaith mé i mBaile na hAbhann, i gceanncheathrú TG4, a thomhas.
“Ní féidir an iomarca béime a leagan ar an méid a d’fhoghlaim mé faoin earnáil agus faoin teanga ó na daoine a bhí timpeall orm, agus atá fós.

“Mar sin, nuair a bhí mé ar an stáitse an tseachtain seo caite, agus mé timpeallaithe ag saineolaithe na hearnála agus laochra na nGael céanna, mhothaigh mé an-bhuíoch agus bródúil.”
Ó shin i leith, tá Laura tar éis gairm bheatha a chothú di féin sna meáin agus san aisteoireacht.
I ndiaidh a hintéirneachta, fuair sí post lánaimseartha sa sobaldráma Ros na Rún, áit a dtugann sí beatha do charachtar Penny Fallon.
Anuas air sin, scríobhann sí alt gach seachtain don Irish News, agus cruthaíonn sí físeáin lán-Ghaeilge i gcomhar leis an nuachtán fosta.
Ón obair dheonach ar an raidió go dtí an teilifís agus an iriseoireacht, is léiriú é a haistear ar an méid is féidir a bhaint amach le dúthracht, le hobair chrua agus le grá don teanga.
Agus gradam Réalta Óg na Bliana anois bainte amach aici, is léir go bhfuil aitheantas tuillte aici mar dhuine de na tallanna óga atá ag cur le saol na meán Gaeilge.

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.