

Ar an 10 Samhain, seoladh Togra Gaeilge an Uachtaráin Catherine Connolly go hoifigiúil, agus é mar aidhm aige daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid, a fhoghlaim agus a chur chun cinn.
Bhailigh slua in Áras an Uachtaráin don seoladh, agus craoltóirí, tionchairí agus podchraoltóirí ina measc, cuid mhaith acu faoi bhun 35 bliain d’aois.
Mairfidh Togra Gaeilge an Uachtaráin ó Shamhain 2026 go Samhain 2027. Ag an seoladh, leag an tUachtarán amach na spriocanna atá aici agus na tionscnaimh atá beartaithe ag an Áras mar chuid den tionscadal.

Ceann de na príomhspriocanna atá aici ná go bhfeidhmeoidh an tÁras mar mhol don Ghaeilge, áit a mbeidh fáilte roimh chraoltóirí agus chruthaitheoirí ábhar a shruthú ón láthair.
Dar le Bainisteoir Raidió Rí-Rá, Emma Ferrari Ní Chearúil, d’fhéadfadh an deis sin cur go mór le stádas agus le hacmhainní phobal na Gaeilge.
“Ó thaobh ócáidí agus imeachtaí de, is iontach an rud é go bhfuil rochtain againn ar an spás. Tugann sé stádas d’aon rud atá á reáchtáil ann. Cabhróidh sé go mór ó thaobh maoinithe de amach anseo.

Tá sé tábhachtach, go háirithe agus an treocht agus an borradh faoin teanga le sonrú i láthair na huaire, go dtugaimid aitheantas don chaoi nach treocht atá ann, ach gur gnáth-theanga chumarsáide agus labhartha í do chuid mhaith den phobal.
Tá sé suntasach spás a thabhairt do na daoine sin chun stádas a bhaint amach agus béim a chur ar an obair atá ar siúl acu.”
Ní ar chúrsaí craoltóireachta amháin a dhíreofar, áfach. Beidh imeachtaí eile ar siúl san Áras freisin, lena n-áirítear dhá ócáid le linn Sheachtain na Gaeilge i mí an Mhárta 2027. Tá Connolly agus a foireann ag súil le cóisir ghairdín a reáchtáil i samhradh na bliana 2027 chomh maith.

Cé nach bhfuil dátaí socraithe go fóill, táthar ag súil go dtabharfaidh an tUachtarán cuairt ar na ceantair Ghaeltachta mar chuid den tionscnamh.
Níor tháinig an bhéim seo ar an nGaeilge as an nua. Bhí an teanga ar cheann de na gnéithe ba shuntasaí d’fheachtas uachtaránachta Connolly in 2025, agus bhí ról lárnach aici i mbunú a híomhá poiblí le linn an fheachtais.
Tarraingíodh aird ar chumas na n-iomaitheoirí – Connolly, Heather Humphreys agus Jim Gavin – sa teanga, agus bhí codarsnacht shuntasach idir cumas Connolly agus cumas na n-iomaitheoirí eile.

Bhí an Ghaeilge ar cheann de na gnéithe ba shuntasaí d’fheachtas Connolly, agus is léir go bhfuil sí ag iarraidh leanúint leis an mbéim chéanna anois agus í ina hUachtarán.
Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcomhsheasmhacht seo agus leis an dóigh a bhfuil Connolly ag cloí leis na gealltanais a thug sí le linn an fheachtais.
Agus an Ghaeilge á cur chun tosaigh san Áras agus á húsáid mar theanga chumarsáide ann, beidh sé suimiúil a fheiceáil conas a fhorbróidh an tionscnamh seo agus cén tionchar a bheidh aige ar phobal na Gaeilge sna míonna amach romhainn.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.