

Tá Oireachtas na Samhna 2026 thart, agus tá an t-óstán ina mbeidh sí an chéad bhliain eile buacáilte amach cheana féin.
Dia ár sábháil.
Bhailigh 14,000 Gael i gCill Áirne ag an deireadh seachtaine chun ár gcultúr agus ár dteanga a cheiliúradh.

Bhí breis agus 70 comórtas ann – 50 do pháistí agus 20 do dhaoine fásta.
Ó chomórtais amhránaíochta ar an sean-nós go comórtais rapcheoil.
Bhí imeachtaí, ócáidí, seimineáir, craoltaí, drámaí agus leabhair ann.

Tháinig seanchairde le chéile don chruinniú bliantúil, agus d’imigh cairde nua leo, daoine a bheidh ina gcomrádaithe acu ar feadh an tsaoil.
Bhí deora ann, bhí gáire agus greann ann. Bhí craic go leor ann agus neart, neart piontaí.
Féile na nGael, an ócáid is mó san fhéilire, thart go ceann bliana eile.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.