Ná fan amuigh sa bhfuacht! Post TG4: Ar mhaith leat coiscéim Dháithí Ó Sé agus Síle Seoige a leanúint?

Tá láithreoirí á lorg ag TG4 ach tá i bhfad níos mó i gceist mar a d’aimsigh daoine ar nós Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Dáithí Ó Sé agus Páidí Ó Lionáird nuair a rinne siad an jab

Is mian le TG4 Láithreoir Aimsire/Leanúnachais agus Meán Sóisialta a earcú. Is obair pháirtaimseartha ar chonradh phainéil a bheidh i gceist agus beidh an té seo lonnaithe sa Cheannáras i mBaile na hAbhann i nGaeltacht na Gaillimhe. 

Ról ilghnéitheach atá anseo, ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta
Ról ilghnéitheach atá anseo, ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta

Ról ilghnéitheach atá anseo, ag cur sceideal TG4 i láthair an phobail féachana, ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta. Is deis iontach í seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh coiscéim a ghlacadh ar dhréimire na hoibre in earnáil na meán. 

Is iomaí láithreoir aitheanta a thosaigh amach ar phainéal láithreoirí leanúnachais TG4: Aoife Ní Thuairisg, Síle Seoige, Dáithí Ó Sé agus Páidí Ó Lionáird agus mórán eile nach iad.  

Tugann na láithreoirí guth agus aitheantas do TG4 i measc an phobail.  Beidh an té a cheapfar ag obair mar Láithreoir Leanúnachais & Aimsire agus ar na Meáin Shóisialta.

Beidh an té a roghnófar ag plé le faisnéis aimsire ar na laethantaí a bheidh siad ag obair, ag plé le hábhar clár agus leanúnachas a chur i láthair maraon le obair scripte, ghuthú, agus meáin shóisialta.

Beidh siad freisin ag déanamh ionadaíocht ag ócáidí ó am go chéile.
Ní mhór cumas láithreoireachta, teacht i láthair taitneamhach, urlabhra shoiléir agus ardchumas sa scríobh agus sa chumarsáid a bheith ag iarrthóirí.  

Beidh súil go mbeadh Gaeilge den chéad scoth acu, idir labhairt agus scríobh na teanga. 

Cuirfear cúrsa oiliúna ar fáil d’iarrthóirí a éiríonn leo áit a bhaint amach ar an ngearrliosta. Beidh an cúrsa sin ar bun  ón 16ú – 20ú Feabhra 2026, i gcomhpháirt le Gréasán na Meán.

Tabharfaidh an cúrsa blaise de ghéithe éagsúla den láithreoireacht.  As an ngearrliosta sin, roghnófar beirt le tréimhse taithí oibre roinnt seachtainí a dhéanamh. 

Má tá Gaeilge den scoth agat agus splanc na láithreoireachta ionat, seo do sheans.

Screenshot 2025 12 18 123941

Tá gach eolas ar fáil ar www.tg4.ie/foluntais

Spriocdháta le hiarratas a dhéanamh: 17ú Eanáir 2026.  

Seol mír físe 1’00” ar fhad ag cur síos ort fhéin, mar aon le do CV chuig cv@tg4.ie


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram