

Beidh Angela Scanlon ina láithreoir rialta ar Radio 2 de chuid an BBC, tar éis í a cheapadh mar chomharba bhuan ar Sara Cox don chlár Drivetime. Cuirfidh sí tús leis an gclár mór le rá seo – a chraoltar gach lá seachtaine idir 4 agus 7 i.n. – i mí na Samhna.
‘Is rud fíor-spreagúil é a bheith ag glacadh seilbh ar Drivetime ar Radio 2. Na milliúin duine – gach duine acu ag caitheamh lae atá go hiomlán difriúil – ag teacht le chéile sa chomhrá céanna ar feadh cúpla uair an chloig. Nach rud aisteach agus álainn é sin!’ a dúirt Angela.

‘Gach lá seachtaine, beidh mé i do chluasa, i do charr agus i do chistin – agus tú ag tabhairt na bpáistí ar scoil, ar an mbealach abhaile, nó agus tú i do sheasamh ag an sorn ag smaoineamh ar cad sa diabhal a thabharfaidh tú le n-ithe do ghrúpa beag ach ocrasach.’
‘Teastaíonn uaim an t-iomlán: na scéalta, na tuairimí, an tranglam, na buanna beaga agus na rudaí nár cheart duit a admháil ar an raidió náisiúnta, b’fhéidir,’ a dúirt sí go magúil, agus í ag cur leis nach raibh sí in ann fanacht chun tús a chur leis an obair. ‘Beidh neart spraoi againn.’




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.