

Cuirfidh RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ceolfhoireann Coirme RTÉ ceolchoirm speisialta ar stáitse i dTeach Pobail Chríost Rí i nGort an Choirce, Dún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair ag 7.30i.n. De bharr an éilimh mhóir, tá ticéid bhreise curtha ar fáil ar Eventbrite. Beidh an cheolchoirm á craoladh beo ar Raidió na Gaeltachta chomh maith.
Déanfaidh an cheolchoirm seo, Cóisir Cheoil – An tAmhrán is Ansa Linn ceiliúradh ar rogha de na 40 amhrán is ansa leis na Gaeil, amhráin a mhol éisteoirí Raidió na Gaeltachta sa bhfeachtas #AmhránRnaG ar an gclár Cóisir Cheoil i rith an tsamhraidh.

Seinnfidh cuid de mhórcheoltóirí na tíre i ndomhan an cheoil traidisiúnta leis an gCeolfhoireann ar an oíche – Altan, Iarla Ó Lionaird, Zoe Conway agus John McIntyre, Séamus agus Caoimhe Uí Fhlatharta, Piaras Ó Lorcáin, John Beag Ó Flatharta, Máire agus Étáin Ní Churraoin, Méabh Ní Bheagaloich agus a lán eile. Beidh Dónall Mac Ruairí, láithreoir Cóisir Cheoil mar fhear an tí ar an oíche.
Tá an ócáid seo mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ ar an gcraoltóireacht seirbhíse poiblí in Éirinn, agus mar cheann de na himeachtaí atá luaite le hUachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh. Déanfar scannánú ar an gceolchoirm chomh maith, agus craolfar ar RTÉ One agus RTÉ Player é sna seachtainí amach romhainn.
Tá líon teoranta ticéad don cheolchoirm Amhrán RnaG – An tAmhrán is Ansa Linn ar díol anois ag an nasc seo.




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.