Martin Angolo: Bródúil agus Umhal

Labhair Martin Angolo faoi Stand Up If You’re Racist

Níl Martin Angolo san áit ina bhfuil sé trí thimpiste. D’oibrigh sé go dian diograseach chun gairm a churthú do fhéin mar fhuirseoir. Ach, ní chiallaíonn sé sin nach raibh tú aisteach aige! “Bhí oíche open mic sa bhaile mór — ní dóigh liom go mbíonn sé ar siúl a thuilleadh — ach bhí sé ar cheann den bheagán áiteanna inar d’fhéadfá do ainm a chur síos agus casadh ann.
Sin an áit a thosaigh mé. Bhí Alison Spittle mar MC. Agus ba é an tseachtain dheireanach a bhí ann, mar sin bhí na daoine mór le rá ar fad a bhí páirteach ann ag déanamh an tseó, agus dá bhrí sin bhí sé gnóthach.

Martin Angolo STAND UP IF YOU_RE RACIST_AMBASSADOR SHOW_441
Martin Angolo. Pictiúr: Virgin Media Television/Curtha ar fáil


Tháinig Alison aníos chugam i ndiaidh. Bhí set maith agam. Dúirt sí “Bhí sé sin iontach” liom. “Níl tú feicthe agam riamh. Cén áit eile ina bhfuil tú ag gigáil. Seo liosta teagmhálacha. Cé chomh fada ‘is a bhfuil tú ag déanamh fuirseoireacht ar na boinn?
Dúirt mé gurb é sin mo chéad gig agus d’fhreagair sí “Níor cheart dom na teagmhálacha sin a thabhairt duit. Tá tú nua freisin. Beidh tú ag cur isteach ar dhaoine.”
“Bhí an t-ádh orm.
Is breá liom a bheith ag scríobh. Bhí mé ag iarraidh a bheith i mo scríbhneoir agus mé ar choláiste. Ní raibh spéis agam sa bhfuirseoireacht ar na boinn. Ach tá sé seo ag dul go maith.
Is clár fáisnéise trí chuid é Stand Up if You’re Racist, cé go bhfuil sé á mhargú mar shraith ghrinn.”
Chuaigh Martin timpeall na tíre ag cuairtú fuirseoirí ó mhionchulraí. Thosnaigh sé á chraoladh ar an Domhnach.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Sa dara heagrán de Stand Up If You’re Racist – a chraolfar Dé Sathairn, an 10 Deireadh Fómhair, ar a 10 i.n. ar Virgin Media PLAY agus Virgin Media Two – tosaíonn aisling Martin maidir le seó grinn ilchultúrtha is mó na hÉireann a chur ar stáitse ag éirí ina réaltacht. An t-aon fhadhb? Tá sé fós ag cumadh cuid mhór den phlean de réir mar a théann sé ar aghaidh.
Tar éis dó tús a chur le liosta na bhfuirseoirí sa chéad chlár, tugann Martin a chuid fuirseoirí in aithne dá mháthair go bródúil. Bíonn a breithiúnas tapa agus gan leithscéal: an iomarca fear. Tar éis comhairle shaineolach a fháil ó Deirdre O’Kane agus Emma Doran, téann Martin sa tóir ar thuilleadh banfhuirseoirí, ach faigheann sé amach go bhfuil Emman Idama tar éis é a shárú cheana féin agus duine nua, Ciara Izuchukwu, aimsithe aige.
Idir an dá linn, tugtar Shrini Kalwad go Sráid Moore chun foghlaim faoin traidisiún Éireannach a bhaineann le magadh géar a dhéanamh ar dhaoine, agus tagann Martin aghaidh ar aghaidh leis an ionad a shamhlaigh sé i gcónaí: an tAmbasadóir i mBaile Átha Cliath. Le 600 suíochán agus stáitse ollmhór, is é an t-ionad foirfe é don seó. Níl ach fadhb amháin ann: níl an t-ionad curtha in áirithe aige go fóill.

STAND UP IF YOU RE RACIST AMBASSADOR SHOW 526 1
Pictiúr: Virgin Media Television/Curtha ar fáil


De réir mar a mhéadaíonn an brú, tugann Martin Neil Green agus Shawn Uyosa amach ar na sráideanna chun tástáil a dhéanamh ar theideal conspóideach an tseó, Stand Up If You’re Racist. Faighimid léargas freisin ar an turas a rinne Neil – ó rath sa saol grinn san Afraic Theas go dtí tús nua a chur leis in Éirinn agus é ag tógáil a iníonacha.


Agus é diongbháilte faoi na taibheoirí a ullmhú don dúshlán atá rompu, cuireann Martin an grúpa trí shraith cleachtaí oiliúna neamhghnácha. Bíonn idirghníomhaíocht leis an slua ar thuras ‘Viking Splash’, ag bualadh ar dhoirse sa Chabrach, agus máistir-rang ar an ngreann tobchumtha le Paul Tylak i gceist; na bhfuirseoirí a bhrú i bhfad níos faide ná compord gnáth-sheó grinn.
Nochtann an clár gné eile de phearsantacht Martin freisin. Ó bhí stróc ag a mháthair, bhí air cothromaíocht a choinneáil idir a shaol mar fhuirseoir agus a chuid freagrachtaí cúraim sa bhaile; tugann sé seo léargas ar an gcúis go dtagann sé go nádúrtha dó grúpa fuirseoirí a bhfuil an-chuid círéibe ag baint leo a bhainistiú – rud nach mbeadh chomh soiléir sin ar an gcéad amharc. Agus an t-am ag imeacht go tapa, cuireann Martin an fuirseoir gan eagla, Marlon Simeon, leis an liosta taibheoirí atá ag dul i méid. Ach sula sroicheann aon duine acu an príomhstáitse, tá dúshlán deiridh amháin roimh an ngrúpa: caithfidh siad léiriú a thabhairt os comhair an lucht féachana is déine sa tsraith ar fad – máthair Martin.
Lán de gháire agus de mhothúcháin, feictear sa dara heachtra an liosta taibheoirí ag teacht le chéile, cinniúint an ionaid aislingeach atá ag Martin ar an imeall, agus an smaoineamh uaillmhianach sin ag éirí fíor-réadúil go tobann.


Tá Martin bródúil gur thug an clár seo deis de na bhfuirseoirí a gcuid scileanna a thaispeáint ar an teilifís go naisiúnta.
Bhain sé an-sult as Stand Up If You’re Racist a chrthú.
Craolfar Stand Up If You’re Racist Dé Sathairn, an 10 Deireadh Fómhair, ar a 10 i.n. ar Virgin Media PLAY agus ar Virgin Media Two.


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram