TG4 An-Díomách faoi Leithdháileadh Maoinithe 2027

Tacaíonn TG4 le cúrsaí Gaeilge gach lá

Tá an-díomá ar TG4 faoin leibhéal maoinithe a fógraíodh i mBuiséad 2027, leibhéal atá i bhfad faoin méid atá ag teastáil.

Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4:

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

“Tráth a bhfuil spéis thar na bearta sa nGaeilge agus a bhfuil éileamh níos mó ná riamh ar ábhar Gaeilge, is cúis mhór díomá dúinn nach bhfuil méadú ar mhaoiniú TG4 i mBuiséad 2027.

Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe. Pictiúr: Aoife Ní Bhraoin. Gaeilge
Ceannáras TG4 i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe. Cuireann TG4 cláracha Gaeilge i láthair gach lá. Pictiúr: Aoife Ní Bhraoin

Níl an cinneadh ag teacht ar chor ar bith leis an luach a bhaineann an pobal as TG4, luach atá cruthaithe leis an ardú leanúnach atá ar an lucht féachana, ná leis an méid a chuireann TG4 leis an ngeilleagar. Is ionann seo agus deis curtha amú chun infheistíocht a dhéanamh i seirbhís a chuireann spriocanna cultúir, sóisialta agus eacnamaíocha i gcrích.

Beidh impleachtaí ag an gcinneadh seo ar TG4 in 2027 agus beidh orainn é a mheas anois i dtaobh ár gcuid pleananna agus spriocanna straitéiseacha don bhliain amach romhainn.”

Tá TG4 fós ag feidhmiú gan socrú maoinithe ilbhliantúil a bheith déanta murab ionann agus go leor meán seirbhíse poiblí eile san Eoraip. Ó tharla go bhfuil TG4 ag brath ar chinntí buiséid bliantúla, bíonn teorainn leis an bpleanáil agus leis an infheistíocht fhadtéarmach agus cruthaíonn sé éiginnteacht don earnáil léiriúcháin neamhspleách sa nGaeltacht agus ar fud na tíre, ar comhlachtaí beaga iad den chuid is mó.

Tá Éire cheana féin i measc na maoinitheoirí is ísle san Eoraip ó thaobh na meáin seirbhíse poiblí a mhaoiniú. Léirítear i dtaighde de chuid an EBU nach n-infheistíonn Éire ach 0.08% den OTI sna meáin seirbhíse poiblí, i gcomparáid le meán infheistíochta an AE, is é sin 0.14%.

Tá an cinneadh díomách go háirithe i bhfianaise chomh maith agus a d’éirigh le TG4 in 2025. Bhí ardú ar lucht féachana TG4 den chúigiú bliain as a chéile agus an sciar ab airde den lucht féachana ó 2009; ghin sé €92.8 milliún d’aschur eacnamaíoch agus thacaigh sé le suas le 1,460 post ar fud na hÉireann. Tá leibhéal an-ard tacaíochta ag TG4 i measc an phobail; bhí 91% de dhaoine den tuairim go bhfuil gá soiléir le TG4 agus go bhfuil ról soiléir ag TG4 in Éirinn na linne seo. (IPSOS B&A Omnipoll Samhain 2025).


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram