Tuarascáil AIB ag léiriú na contúirtí atá ann do gheilleagar na hÉireann

27/05/2025

Tá geilleagar na hÉireann faoi bhagairt ó Trump agus na cogaí i nGaza agus san Úcráin, de réir tuarascála nua ó AIB

Dar le tuarascáil nua ó AIB, tá todhchaí gheilleagar na hÉireann i gcontúirt de bharr éiginnteachta domhanda, cogadh, agus bagairtí trádála ó na Stáit Aontaithe.

De réir Economic Outlook Report an bhainc, tá an baol ann go laghdóidh caiteachas tomhaltóirí in Éirinn go dtí 2026, de dheasca pholasaithe trádála Donald Trump agus na coimhlintí leanúnacha san Úcráin agus i nGaza.

Is ábhar buartha iad na bagairtí trádála idir an AE agus SAM, a deir an tuarascáil ó AIB
Is ábhar buartha iad na bagairtí trádála idir an AE agus SAM, a deir an tuarascáil ó AIB

Dúirt príomh-eacnamaí AIB, David McNamara: ‘Tá an cúlra eacnamaíoch domhanda athraithe go mór ón fhómhair seo caite.

‘Beidh tionchar mór ag na hathruithe géara i bpolasaí trádála SAM ar fhás eacnamaíocha domhanda sna blianta romhainn.’

Dar le AIB, cé go bhfuil Éire i mbaol ó thaobh athraithe trádála de, tá sí níos láidre anois chun cur ina gcoinne go gearrthéarmach.

Mar sin féin, táthar ag súil le laghdú san fhás i gcaiteachas intíre agus i bhfás infheistíochta gnó in 2025.

Táthar ag tuar go n-éireoidh an t-éileamh baile 2.3% níos airde i mbliana, ach laghdóidh sé go 2% in 2026 sula dtiocfaidh feabhas air go 2.6% sa bhliain 2027.

Maidir leis an margadh saothair, meastar go leanfaidh sé ag fás, ach ar ráta níos moille – ó fhás 2.7% in 2024 go 1.8% in 2027.

Dúirt AIB go mbeidh an fás seo níos measartha de bharr moilliú eacnamaíoch.

Is ábhar buartha iad na bagairtí trádála idir an AE agus SAM.

Tá Éire ag brath go mór ar an trádáil le SAM, a bhí os cionn €95 billiún anuraidh.

Tá sé ráite ag AIB go bhfuil na rioscaí is mó ag baint leis na réimsí ilnáisiúnta, go háirithe i réimse na cógaisíochta agus na teicneolaíochta.

Dúirt an tuarascáil: ‘Cé go bhfuil earnálacha dúchasacha ar nós bia agus talmhaíochta faoi bhagairt ó tharaifí SAM, is iad na cuideachtaí móra ilnáisiúnta an phríomhbhaol – is iontu atá 12% d’fhostaíocht agus 80% d’onnmhairí na tíre.’

Chomh maith leis sin, tá imní ann maidir le spleáchas na hÉireann ar cháin chorparáideach agus ar ioncam ó chomhlachtaí ilnáisiúnta.

Má dhéantar athruithe buana ar chóras cánach SAM, d’fhéadfadh sé seo cur isteach ar tharraingteacht na hÉireann d’infheistíocht choigríche.

Mar fhreagra, molann AIB go ndéanfaí éagsúlú ar bhonn earnála agus tíreolaíochta, agus go gcuirfí níos mó béime ar fhorbairt gnólachtaí dúchasacha agus iomaíochas.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram