Rinne na bainc brabúis mhóra in 2023

Bhí rátaí úis ag ardú do bhainc na hÉireann ach ní raibh siad chomh hard sin do dhaoine lena gcuid airgid sna bainc

Rinne bainc Éireannacha brabúis ollmhóra in 2023. Tharla sé seo tar éis rátaí úis á ardú ag an mBanc Ceannais Eorpach (European Central Bank) ó mhí Iúil 2022 i leith, de réir tuairisc ó RTÉ.

I mbliana d’ardaigh siad 2% ar bharr an 2.5% in 2022, rud a d’fhág go ndearna bainc Éireannacha brabúis níos mó.

Tar éis €1.2 billiún a thuairisciú i mbrabúis lánbhliana do 2022, rinne Banc na hÉireann brabús leathbhliana suas go dtí Iúil 2023 de díreach os cionn €1 billiún, mar gheall ar rátaí níos airde agus níos mó custaiméirí ó iasachtaí KBC a fháil.

bank card

Agus bhí brabúis lánbhliana de €765m ag AIB do 2022, ach rinne siad €854m i mbrabúis, tar éis cánach, don chéad leath de 2023.

Thuairiscigh PTSB brabús réamhchánach de €26m don chéad sé mhí de 2023.

Tháinig méaduithe ar rátaí úis ag na bainc le linn 2023.

D’fhan rátaí athraitheacha (variable rate) morgáiste mar a chéile ach bhí rátaí úis níos airde ar mhorgáistí ar ráta seasta (fixed-rate), áit a bhfuil an chuid is do na gcustaiméirí.

Bank of Ireland 768x448 1

Faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair (an mhí is déanaí a bhfuil sonraí ar fáil ina leith) bhí an meánráta morgáiste nua in Éirinn ag 4.27%, an t-ochtú ráta ab airde i measc thíortha limistéar an euro.

Chomh maith leis sin, i rith na bliana bhí coigilteas paindéime ag bainc Éireannacha – agus níor ghá dóibh iasachtaí a fháil ón BCE (ECB) chomh mór céanna le bainc Eorpacha chun a n-iasachtaí a mhaoiniú.

AIB BAnk 768x448 2

Léiríonn na sonraí is déanaí ón mBanc Ceannais (Central Bank)  go raibh taiscí meántéarmacha (average term deposits) i mbainc Éireannacha ag fáil ráta úis 2.59% i mí Dheireadh Fómhair, i bhfad faoi bhun mheánchrios an euro de 3.27%.

Cáineadh na bainc mar gheall ar an gcás sin, mar go raibh custaiméirí ag gearán nach raibh toradh cothrom á fháil acu ar a gcuid coigilteas.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram