Tá AIB agus EBS chun an t-ús a íocann siad le coigilteoirí (savers) a mhéadú faoi dhó – agus is dócha go leanfaidh bainc eile é sin.
Tá AIB, príomhbhanc na tíre, agus a fhochuideachta (subsidiary) EBS, tar éis a rátaí coigilte úis (interest rate on savings) a ardú ó 1% go 2% ar roinnt cuntas taisce (deposit accounts) don chéad uair le breis agus deich mbliana.
Tagann na hathruithe i bhfeidhm ón gCéadaoin.
Tá bainc cáinte mar nár chuir siad arduithe ar rátaí úis ar aghaidh chuig coigilteoirí, tar éis na seacht n-ardú rátaí a thug an Banc Ceannais Eorpach (European Central Bank, ECB) isteach.
Cuireadh tús leis na harduithe i mí Iúil anuraidh agus an ECB ag iarraidh déileáil le fadhb an bhoilscithe (inflation).
Bainfidh custaiméirí a bhfuil cuntais choigiltis rialta AIB agus EBS acu leas as an méadú go 2%, agus gheobhaidh na daoine sin ar théarma seasta aon bhliana AIB do ghnólachtaí ardú ráta go 1.5%.
Iad siúd a bhfuil Rátaí Sóisearacha AIB, Coigilteoirí AIB agus Rátaí Teaghlaigh EBS acu, ardófar a ráta úis go 2%.
Tá Rátaí Coigiltis Leanaí agus Déagóirí EBS ag méadú freisin go 1.5%.
Mhéadaigh Banc na hÉireann agus Permanent TSB a rátaí úis do choigilteoirí níos luaithe i mbliana, ach ciallaíonn bogadh AIB go bhfuil siad níos airde anois ná Banc na hÉireann (1.5%) agus PTSB (1%) araon.
Tá na hathruithe ar fad ar rátaí AIB ag tarlú láithreach.
Dúirt an Stiúrthóir Bainistíochta Jim O’Keeffe go bhfanfaidh na rátaí taisce ‘faoi athbhreithniú’.
Tuairiscítear go bhfuil €151 billiún de choigilteas teaghlaigh ag trí bhanc miondíola (retail) na tíre (AIB, Banc na hÉireann agus PTSB) agus na comhair chreidmheasa (credit unions) óna gcuid custaiméirí.
Mar sin féin, ní bhfuair na custaiméirí mórán nó fiú rud ar bith le deich mbliana anuas.
Cháin gobharnóir Bhanc Ceannais na hÉireann (Central Bank of Ireland) Gabriel Makhlouf na bainc roimhe seo as gan na rátaí úis a ardú i gcomhar le rátaí an ECB, atá anois 3.25% sroichte.
Dúirt sé le Teachtaí Dála i mí Aibreáin go bhfuil bainc Éireannacha ag fáil thart ar €1.8 billiún in aghaidh na bliana trí thaiscí teaghlaigh agus gnó a chur sa ECB.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.