Penny ó Neamh – nó Ifreann? An bhfuil muintir rúnda Ros na Rún réidh do ‘influencer’ bríomhar oscailte?

10/12/2024

Tá an t-aisteoir óg Laura Heeney i ról an tionchair nua i Ros na Rún, atá bríomhar, cainteach agus fonn uirthi a bheith ina banríon sóisialta

Tá tionchaire (influencer) ag teacht chuig Ros na Rún – ach an bhfuil na daoine rúnda réidh do Penny bríomhar.

Is í sin Penny Fallon, bean uaillmhianach atá breá in ann margadh a dhéanamh, go háirithe nuair a bhaineann sé le cosmaidí agus brandaí nós maireachtála?

Is í an t-aisteoir as Tír Chonaill, Laura Heeney, atá i ról Penny, carachtar bríomhar agus dána a bhfuil gairm i gcosmaidí á leanadh aici chun í a thabhairt chomh fada le bheith ina tionchaire mór le rá agus ina cruthaitheoir digiteach.

Cuirfidh a teanga ghéar agus a meon díograiseach iontas ar roinnt daoine i Ros na Rún
Cuirfidh a teanga ghéar agus a meon díograiseach iontas ar roinnt daoine i Ros na Rún

Braitheann a muintir go bhfuil dul amú iomlán uirthi ach ina croí istigh, creideann Penny go gcabhróidh a pearsantacht agus scileanna idirphearsanta léi mian a croí a bhaint amach, sé sin stíl mhaireachtála chlub an mhilliúnaí.

Is céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad í Laura agus tá céim onóracha aici i nGaeilge agus Spáinnis.

Mar sin féin tá a díograis chun líofacht sa teanga a bhaint amach tar éis an aisteora óg a thabhairt ar ghairm bheatha éagsúil go dtí seo.

Roimh Ros na Rún d’oibrigh Laura go deonach mar chruthaitheoir ábhar digiteach Gaeilge leis an Nuacht Gaeilge.

Anuas air sin, d’oibrigh an t-aisteoir go deonach le Gael Linn, a gcainéal físeáin ar líne, Gaelbhratach, chomh maith le BLOC, Raidió Fáilte agus Raidió na Life.

Chaith Laura bliain le foireann Meáin Shóisialta TG4, áit go raibh sí páirteach in ábhar nuálach a chruthú do réimse dá gcuid ardáin ar líne.

Seo an chéad uair do Laura a bheith ag aisteoireacht ar an teilifís agus deir sí faoi Penny: ‘Tá sí bríomhar agus beagáinín féinspéiseach lena cuid nóisin tionchaire agus an leanúint atá aici ar líne.

‘Is breá liom é, chuir na haisteoirí, criú agus foireann léiriúchán fáilte mhór romham, tá Ros na Rún ar nós clann taobh thiar den cheamara, rud atá iontach d’aisteoir nua.’

 Feicfimid scéal Penny ag titim amach nuair a bhíonn an díoltóir cosmaidí dathúil, muiníneach agus cairdiúil ag dul in aghaidh neamhaird a tuismitheoirí dá rogha gairm bheatha mar ‘thionchaire – an fíor-phost é sin’ agus í ag cur aithne ar chairde agus comharsana a haintín Laoise i sráidbhaile na rún, Ros na Rún.

Cuirfidh a teanga ghéar agus a meon díograiseach iontas ar roinnt daoine.

Seo an chéad uair do Laura a bheith ag aisteoireacht ar an teilifís
Seo an chéad uair do Laura a bheith ag aisteoireacht ar an teilifís

Agus deir léiritheoir sraithe Ros na Rún, Marion Ní Loingsigh: ‘Tá carachtair nua á fhorbairt againn i gcónaí i Ros na Rún agus tá Penny Fallon mar charachtar spleodrach nua, agus tá áthas orainn fáilte a chuir roimh aisteoir Thír Chonaill Laura Heeney isteach sa ról.

‘Beidh roinnt carachtair nua spleodracha ag teacht chun cinn i Sraith 29.’

Craoltar Ros na Rún gach Máirt agus Déardaoin ar TG4 ag 8.30pm le hollchlár oíche Dhomhnaigh ag 7.30pm agus tá sé ar fáil ar sheinnteoirí TG4 agus RTÉ go domhanda.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram