Ní bheidh Mrs. Brown timpeall ag am Nollag

Tá cláir speisialta Nollag agus Athbhliana Mrs Brown’s Boys na bliana seo curtha ar ceal ag Brendan O’Carroll tar éis dó a bheith ráite leis go bhfuil obráid láithreach ag teastáil uaidh mar gheall ar ‘fadhb leighis gan choinne’.

Dúirt O’Carroll, 70 bliain d’aois, a chruthaigh an dráma grinn suímh móréilimh agus a bhfuil réalta ann, i ráiteas gur aimsigh scanadh CT dhá bhriseadh ina ghiall a dteastaíonn obráid agus roinnt míonna téarnaimh uathu, rud a chiallaíonn nach bhféadfaí dul ar aghaidh leis na taifeadtaí.


Dúirt sé nár glacadh an cinneadh go héadrom agus go ndearna é ar chomhairle a chomhairleora. Tá sé croíbhríste, agus gabh sé buíochas leis an lucht féachana. Dheimhnigh O’Carroll freisin go gcuirfí siar a sheónna Mrs Brown’s Boys D’Panto? i mBaile Átha Cliath agus i gCill Airne, a bhí le bheith ar siúl níos déanaí i mbliana. Dúirt sé go raibh sé féin agus MCD Productions ag obair chun iad a athsceidealú do 2027. Dúirt an réalta go raibh sé i mbun cainteanna leis an BBC freisin faoina shraith theilifíse a thabhairt ar ais chuig na scáileáin i 2027, us ghabh sé buíochas le MCD agus leis an gcraoltóir as a dtacaíocht agus a dtuiscint ag an am a thug sé deacair air.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram