

Chun cúrsaí a choinneáil shimplí, is é duine de na ceoltóirí is fearr in Éirinn é Liam Ó Maonlaí, ó tógadh le Gaeilge i mBaile Átha Cliath.
“Is ceoltóir Gaelach mise.”
“Tá a lán spreagadh ansin. Tá a lán le spreagadh ansin. Tá an inspioráid le fáil ón taobh istigh agus tá inspioráid le fáil ón taobh amuigh”.

“Ní bhíonn an t-amhras céanna. Tá mé seasca-haon anois, agus tá mé ag déanamh ceol le blianta anuas, ó bhí mé timpeall trí nó cheithre bliana d’aois. Ar shlí, bhí tuiscint agam ar chúrsaí traidisiúnta. agus cad a dtéann leis.”
Fiú ag an aois sin, bhí an suim mhór ag Liam sa cheol ó thíortha eile. Bhí an-ghrá aige do cheol na hIndia.
Sin é an fáth go bhfuil Liam Ó Maonlaí chomh sásta le bheith ag obair in éineacht le Pooja Sethi Khanna, ceoltóir as an India ar a sraith is deireannaí “Ceol le Chéile”, atá ag tosnú ar RTÉ One anocht ag a hocht a chlog.

Sa tsraith nua seo, cruthaítear ceangal idir cheoltóirí Éireannacha aitheanta agus ceoltóirí ó nua phobal na hÉireann agus an ceol traidisiúnta mar uirlis chun comhrá a thosnú eatarthu. Tagann fuaimeanna nua as na comhcheangail seo – níl ceangal ar bith níos láidre ná ceangal an cheoil chun an pobal nua seo a chur ar a suaimhneas agus iad ag cur fréamhacha síos in Éirinn.
Le linn na sraithe, beidh ceoltóirí mór le rá ar nós Liam Ó Maonlaí, Aoife Ní Bhriain, Muintir de Barra, Muintir Uí Mhaolagáin agus Jack Talty ag nascadh le ceoltóirí agus amhránaithe; Favour Odusola, Pooja Sethi Khanna, Citadel, agus Anna Stepanova, a thagann ó thíortha éagsúla; an Nigéir, an India, an tSiria, an Asarbaiseáin agus an Úcráin san áireamh. Cruthaíonn siad saothair nua ceoil a tharraingíonn ar cheol traidisiúnta, amhráin & rince sean-nóis, ceol na hIndia agus cnagcheol domhanda. Léireoidh na saothair chruthaitheacha seo cumhacht an cheoil mar nasc idir phobail agus cultúir éagsúla.
Beidh na ceoltóirí ag nascadh sa Cobblestone i mBaile Átha Cliath, i gCaifé Dhámh Chruinne Cheoil na hÉireann i gColáiste Luimnigh, roimh léiriú den chéad scoth a chur os ár gcomhair i gCaisleán álainn Lios Mór i bPort Láirge. Beidh an lucht féachana faoi threoir Neil Martin, ceoltóir agus cumadóir ceoil ó Bhéal Feirste a chuireann béim ar an gceol mar ghléas chun saibhreas ár gcosúlachtaí cultúrtha a nochtadh.
Déanfaidh an tsraith seo iniúchadh ar imirce agus féiniúlacht, chomh maith leis an maitheas a dhéanann an ceol don saol ag daoine agus iad ag cur fúthu i dtír nua. An ceol ag daoine go bhfuil éisteacht uathu go géar.
“Cuireann socair go mór mór le daoine nuair atá socair iontú féin lena gcuid ceoil. Cuireann sé sin leis an éifeacht.”
Ní rabhas in ann labhairt le Liam gan The Hothouse Flowers a lua. mar chainteoir Gaeilge dúchas, bhí fonn ar Liam labhairt faoi Oíche Shamhna 1996, an oíche a chraoladh TG4 den chéad uair. Léirigh The Hothouse Flowers in aice le Ceannáras TG4 an oíche sin. “Bhí sé go hálainn. Bhíomar ag dul tríd ‘phase’, ag úsáid ‘loops’ agus ‘techo’ ceol.
Bhíodar inn ann a fheiscint go raibh rud speisialta ag tarlú i gConamara an oíche sin.
Ag deireadh na hagallaomh, bhí sé tábhachtach dúinn beirt labhairt le sár-cheoltóir a chailleadh go tragóideach le déanaí – Glen Hansard.
Ag déanamh machnamh ar an sochraid, roinn Liam liom go raibh sé tábhachtach píosa ceol bríomhar a leiriú leis na gceoltóirí is ansa linn sa tír seo. Bhí sé ríthábhachtach do Liam go mbeidís a bheith in ann tacaíocht a thabhairt do Glen, fiú agus Glen ag dul go dtí a uaigh.
Luaigh Liam go raibh Glen i gcónaí ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dó, agus do na gceoltóirí eile a bhí ina measc ar an lá sin.




Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.