

Tá an costas a bhaineann le carr a thiomáint ag ardú arís – an uair seo mar gheall ar ardú eile ar na dolaí (tolls) ar dheich mbóthar timpeall na tíre.
Beidh ar thiománaithe i ngluaisteán teaghlaigh dolaí chomh hard le €6.80 a íoc ar thuras fillte (return journey) ar roinnt bóithre.
Thairis sin, is é an dara méadú ar an bpraghas i gceann míosa.
Táthar le méadú san Athbhliain ar bhóithre móra lena n-áirítear an M50 agus Tollán (tunnel) Bhaile Átha Cliath.

Ón 1 Eanáir, tá méadú 20c ar an gcuid is mó de dolaí gluaisteán.
Ina theannta sin, beidh ar an tionscal tarlaithe níos mó fós a íoc – méadóidh an costas a bhaineann le hearraí a thabhairt ar leoraithe idir 30c agus 50c in aghaidh gach dola.
Ar an M1, M7, M8, N6, N25 ag Port Láirge agus Tollán Luimnigh an N18, beidh ardú 20c ar an dola do charr teaghlaigh go dtí €2.30, sé sin costas €4.60 le haghaidh turas fillte.
Ar an M3, tá ardú 10c go dtí €1.70, agus ar an M4 tá méadú 20c do charranna a raibh orthu praghas ard a íoc cheana féin. Beidh costas gach dola ansin ag dul ó €3.20 go €3.40. Ciallaíonn sé sin go gcosnóidh turas fillte €6.80.

Ardófar dolaí do Thollán Bhaile Átha Cliath faoi €2 do ghnáthcharranna ag buaic-amanna.
Deir Bonneagar Iompar Éireann (Transport Infrastructure Ireland, TII) go bhfuil an t-ardú á bhunú aige ar an ráta boilscithe bliantúil (annual inflation rate) a taifeadadh ag deireadh Lúnasa, a chuir siad ag 6.3%.
Bhí an ráta boilscithe do mhí Dheireadh Fómhair ag 5.1%.
Ar an M50, tá praghsanna dola ag ardú idir 20c agus 40c, ag brath ar an gcineál feithicle agus cibé an n-úsáideann tiománaithe clibeanna dola, cuntais físeáin nó an bhfuil siad neamhchláraithe.

Mar shampla, íocfaidh carr neamhchláraithe dola €3.70, ach íocfaidh tiománaí ar a bhfuil clib €2.50.
Beidh sé seo ar an dara méadú ar dolaí i níos lú ná bliain, tar éis ardú táillí dola ar an chuid is mó de líonra bóithre náisiúnta na tíre i mí Iúil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.