Florence Pugh ar buile le hOllscoil Cornell

Labhair Florence Pugh amach faoin Cornell 7

Tá an réalta Hollywood Florence Pugh tar éis a rá go bhfuil sí “ar buile” faoi chás dlí sna Stáit Aontaithe a bhaineann le héigniú droinge, agus tá sí tar éis iarraidh ar fhir feabhas a chur ar a n-iompar agus labhairt amach faoin scéal.
Chuir an bhean 30 bliain d’aois in iúl chomh holc agus a mhothaigh sí tar éis di léamh faoi chás dlí a thionscain bean óg; líomhnaítear gur tugadh drugaí di agus gur éignigh grúpa fear í ag cóisir de chuid an chumainn ‘Chi Pi’ in Ollscoil Cornell i mí Dheireadh Fómhair 2024.

Florence Pugh Instagram.png1
Pictiúr: Florence Pugh/Instagram


De réir an soláthraí nuachta CBS News, mhaígh a dlíodóir, tar éis imscrúdaithe, nár díbríodh ach beirt de na daoine a bhí cúisithe agus nár gabhadh aon duine.
Thuairiscigh an meán céanna freisin go raibh an iar-mhac léinn 20 bliain d’aois ag an am agus go bhfuil sí ag tabhairt cás dlí gcoinne na hollscoile chomh maith le seachtar ball den chumann ‘Chi Pi’, á mhaíomh nár chosain siad í agus nár chuir siad cosc ar an ionsaí líomhnaithe.
Dúirt Pugh i bpostáil ar Instagram go raibh sí ag mothú “míchompordach, tinn agus imníoch” – agus leag sí béim ar gur “ceist dhaonna” í seo, “ní ceist í seo a bhaineann le mná amháin”.
Dúirt sí: “Is í seo an nóiméad i ndáiríre a dteastaíonn uainn go mbeadh na fir chomh holc sin ina gcroí agus chomh tinn sin faoin scéal agus atáimid féin.
“Caithfidh sibh a bheith i gceannas ar chomhráite faoin gcaoi a n-athróimid an glacadh leis an iompar seo agus an comhpháirteachas leis – an oiread céanna agus atáimid féin ag déanamh.
“Conas is féidir libh a bheith ag súil go gcreidfimid nach mbaineann sé le ‘gach fear’ nuair a fhanann go leor agaibh ciúin i nóiméid mar seo?”
Tar éis imscrúdú ón ollscoil, díbríodh beirt den seachtar ball a bhí cúisithe, agus gearradh pionóis níos éadroime ar dhaoine eile, lena n-áirítear fionraíocht, ceardlanna nó aistí a scríobh.
Dúirt Pugh freisin: “Tá sé seo do-ghlactha.
“Ba cheart breathnú le fíor-imní ar gach aon duine a raibh a fhios aige faoin eachtra seo nó a chuala faoi. Tá siad chomh holc céanna leis na daoine a bhí á phleanáil.
“Nílimid sách dian ar na daoine sin ar mian leo dochar a dhéanamh do shaolta daonna. Tugaim ómós dóibh siúd ar fad sa choláiste atá ag troid ar son na cailíne sin, ag nochtadh na mbuachaillí sin agus ag déanamh an tsaoil chomh deacair sin nach féidir áthas a fháil le linn a gcuid téarmaí staidéir.
“Níor cheart cead a thabhairt dóibh siúl go saor mar a dhéanaimidne, daoine a bhfuil meas agus cúram againn ar anamacha.” Dúirt Pugh go raibh sí “ar buile” le scoileanna a leanann orthu ag cosaint buachaillí agus a ligeann síos mná ar fud an domhain “arís agus arís eile” trí mhúineadh d’fhir gur féidir leo “dochar ollmhór a dhéanamh” gan iarmhairtí.
Dúirt sí freisin: “Níl aon chomhionannas ann go dtí go n-urramaíonn sibh ár gcorp. Níl aon chomhionannas ann go dtí go stopann sibh de bheith ag déanamh dochair dár n-anamacha.
“Níl aon chomhionannas ann go dtí go ligeann sibh dúinn maireachtáil. Níl aon chomhionannas ann go dtí gur féidir linn a rá go mbraitheann muid sábháilte. Is muidne fórsa beatha an domhain seo; tosaigí ag cosaint orainn, ar an diabhal. Bíodh fearg oraibh thar ár gceann. Le bhur dtoil.”
Níos luaithe an mhí seo, d’eisigh Ollscoil Cornell ráiteas inar dúradh gur fhiosraigh an oifig um chearta sibhialta agus iompar mac léinn na líomhaintí, agus go bhfuil cosc fós ar bhrainse Xi den bhráithreachas Chi Pi.
Lean an ráiteas ar aghaidh: “Glacaimid an-dáiríre leis an bhforéigean gnéasach. Bunaíodh Tascfhórsa an Uachtaráin maidir le hIonsaí Gnéasach ar an gCampas go gairid tar éis na heachtra seo, agus d’eisigh siad tuarascáil i mí an Mhárta 2026.
“Tá cuid de na moltaí curtha i bhfeidhm cheana féin, agus tá cinn eile á bhforbairt faoi mhaoirseacht coiste cur chun feidhme na hollscoile.”
Tá an Press Association tar éis dul i dteagmháil le Thomas Giuffra, an dlíodóir atá ag ionadaíocht sa chás dlí.
Tá teagmháil déanta freisin leis an mbráithreachas Chi Pi chun tuairim a fháil uathu.

Today's top videos

STORY CONTINUES BELOW

Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram