Tá an Rialtas chun moill a chur ar arduithe dolaí bóthair, ach díreach ar feadh sé mhí… agus ar chostas €12.5m

30/11/2022

Tá an Rialtas chun an t-ardú conspóideach ar tháillí dola ar mhótarbhealaí a chur siar.

Ach níl na hAirí chun stop a chur leis na harduithe costais, níl siad ach chun moille a chur orthu ar feadh sé mhí.

Tagann na harduithe praghais tar éis de thiománaithe praghsanna níos airde a íoc cheana féin ar dhíosail agus ar pheitreal, go príomha mar gheall ar ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Fógraíodh na harduithe ar ar tháillí dola, coicís ó shin, nuair a dúirt Bonneagar Iompair Éireann – Transport Infrastructure Ireland – (TII) go raibh na táillí le hardú 10 cent ó thús na bliana nua.

Meastar go caillfear thart ar €12.5 milliún de bharr chinneadh an Rialtais an t-ardú a chur siar.

M50 3
Cars crossing M50 toll plaza. Dublin, Ireland. February 2019

Tháinig an fógra aniar aduaidh ar pholaiteoirí cé gur cuireadh an scéal in iúl don Roinn Iompair i rith an tsamhraidh.

Mar sin féin, ní féidir le TII táillí dola a ardú gan an scéal a cheadú le páirtithe leasmhara eile.

Tuigtear gur shocraigh an Rialtas gan an t-ardú a cheadú go fóill mar gheall ar an gcostas ard maireachtála.

Ní róshásta atá TII le meon aigne an Rialtais, áfach. Deir siad go fágann an cinneadh go mbeadh ganntanas airgead ann chun bóithre na tíre a chothabháil.

Bhí na dolaí le hardú mar gheall ar bhoilsciú (inflation).

Bhí sé ráite ag an Rialtas, ar dtúis, nach raibh ardú ar rátaí dola le naoi mbliana mar gheall ar rátaí ísle boilscithe, ach dúirt siad, ansin, go scrúdódh siad an cheist tar éis di a bheith ardaithe ag an gComh-Aireacht.

Agus an tseachtain seo caite, diúltaíodh d’athrú meoin, agus dúirt an tAire Iompair Eamon Ryan – ceannaire an Chomhaontais Ghlais – gur cás ‘robáil Peadar chun Pól a íoc’ a bheadh san aistriú.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram