Tá foláireamh tugtha ag an Aire Stáit ag an Roinn Iompair Jack Chambers go mbeidh boilsciú (inflation) níos airde mar thoradh ar mhéadú dolaí bothair (road tolls) do thiománaithe.
Labhair sé amach ag am a bhfuil rátaí úis (interest rates) níos airde I ngeilleagair na hÉireann agus na hEorpa ar fad, chun iarracht a dhéanamh boilsciú a choinneáil síos.
Dúirt an tUasal Chambers, iar-Aire Gaeltachta, go bhfuil dhá mhéadú ar na dolaí i sé mhí ró-mhór do thiománaithe.
Tiocfaidh na harduithe dola, a cuireadh siar i mí Eanáir seo caite, i bhfeidhm anois ón 1 Iúil.
Feicfear an méadú is mó ar dolaí ar an M50, ardú 30c do charranna gan chlibeanna (tags).
Spreagfaidh an t-ardú costas an turais aonair go dtí €3.50.
Méadófar costas a dturas ó €2.70 go €2.90 ar fheithiclí a bhfuil físchuntais (video accounts) acu.
Tá na harduithe bunaithe ar ardú 8.6% ar an Praghasinnéacs Tomhaltóirí (Consumer Price Index) idir Lúnasa 2021 agus Lúnasa 2022.
Ag labhairt dó ar an gclár Saturday With Colm Ó Mongáin de chuid RTÉ ar Dé Sathairn, thug an tUasal Chambers foláireamh: ‘Bheadh dhá mhéadú ar dolaí i sé mhí deacair do thiománaithe (motorists).’
Dúirt sé go ndéanfadh an Rialtas é seo a mheas agus an Buiséad á dhréachtú, ag geallúint go mbeadh ‘rannpháirtíocht (engagement)’ ann.
Tá deich mbóthar dola ar an ngréasán bóithre náisiúnta. Tá ocht gcinn á bhfeidhmiú faoi shamhail na Comhpháirtíochta Poiblí Príobháidí (Public Private Partnership).
Tá dhá cheann á n-oibriú go díreach ar son Bhonneagar Iompair Éireann (Transport Infrastructure Ireland) – an M50 agus Tollán Chalafort Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys go bhfuil an tAire Iompair sinsearach Eamon Ryan agus an tAire Stáit an tUasal Chambers i dteagmháil leis na comhlachtaí dola.
‘Tá a fhios agam go bhfuil an tAire Ryan agus an tAire Chambers ag féachaint air seo agus tá a fhios agam go bhfuil siad ag plé leis na cuideachtaí dola,’ a dúirt sí.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.