Teacht le chéile ar leith ag Ros na Rún tar éis 30 bhliain de TG4

Bhí sé go hiontach Jack Hayes agus Áine Nic Pháidín a fheiscint ag filleadh ar Ros na Rún oíche Dé Máirt.

Agus an sráidbhaile ag ceiliúradh 30 bhliain de Raidió Pobail Ros na Rún, bhí seans ag Áine (Anne Learmont) agus Michéal (Josie Ó Cualáin), iarpháirtnéirí, ag baint sult as labhairt lena céile.

Tharraing ceiliúradh 30 bliain Raidió Pobail aird ar Jack Hayes (Diarmuid de Faoite). I ndiaidh dó am a chaitheamh i Londain, filleann sé ar Ros na Rún, rud a chuireann iontas ar Thadhg. Cuireann muintir Ros na Rún fáilte chroíúil roimhe agus bíonn biachlár manglaim ag fanacht leis i dTigh Thaidhg!

Tá clú ar Dhiarmuid de Faoite, a dhéanann páirt Jack, as a chuid ranganna aisteoireachta Gaeilge agus as an bpóg cháiliúil a bhí ag a charachtar Jack agus a pháirtí ag an am, Tom i Ros na Rún.

Screenshot 2026 06 17 153554
Míchéal Seoighe agus Áine Nic Phaidín i Ros na Rún. Aisteoirí: Josie Ó Cualáin agus Anne Learmont

Ba é seo an chéad phóg aerach i stair teilifíse na hÉireann. Agus é i gcónaí réidh le beocht a chur i rudaí, cuireann Jack a chos ann agus tarraingítear tuilleadh achrainn idir Laoise agus Micheál agus iad thar a bheith corraithe cheana féin. San eipeasóid seo, chraolaigh Berni (Fionnuala Ní Fhlatharta) a clár raidió de chuid Raidió Pobail beo ó Tigh Thaidhg, agus Ros na Rún ag dul siar ar bhóithrín na smaointe.

Beidh míreanna suntasacha i stair an raidió le cloisteáil agus cloisfidh lucht féachana guth aitheanta Shéamuis Mhicil Tom (Diarmuid Mac an Adhastair), nach maireann.

Tugann an eipeasóid speisialta seo siar ar bhóithrín na smaointe muid agus feictear Tadhg fiú agus tocht air agus é ag éisteacht, ach ní chuireann sé mórán ama amú sula dtéann sé ar ais ag obair in éineacht le Mack (Pól Ó Gríofa) chun tuilleadh manglaim a dhíol mar go bhfuil an Raidió Pobail ag íoc astu.

 Tá ceiliúradh á dhéanamh ar shaol an phobail i Ros na Rún agus ar stair Raidió Pobail, ach baineann an ceiliúradh seo freisin le rath Ros na Rún, an t-aon dráma teilifíse tuaithe in Éirinn, atá suite sa bpub áitiúil Tigh Thaidhg. San eipeasóid seo, tá Sonny, Cam agus Natasha ionraic lena chéile faoi dheireadh agus iad fós i mbun pleanála, ag iarraidh smaoineamh ar phlean chun Cora a chrochadh.  

 ‘Is séasúr mór é seo do Ros na Rún,’ a deir Marion Ní Loingsigh, Léiritheoir Sraithe. ‘Tá muid thar a bheith bródúil as an méid atá bainte amach againn maidir le dráma teilifíse ar ardchaighdeán a chur ar fáil do lucht féachana TG4. Chomh maith le bheith ag tabhairt an greann agus gnáthshaol na tuaithe in Éirinn le chéile, coinníonn muid suas leis an saol agus tá muid i gcónaí réidh le dul i ngleic le cúrsaí.

‘Tá sé seo curtha i láthair go hiontach ag ár n-aisteoirí cumasacha agus foireann léiriúcháin agus is léir gur toradh é seo ar obair chliste na scríbhneoirí scéalta cruthaitheacha. Breathnaíonn an eipeasóid seo ar chaidreamh achrannach Mhichíl agus Laoise nuair a thagann an crú ar an tairne dóibh.

‘Bhí ról tábhachtach ag seanchairde Ros na Rún i rath Ros na Rún, nuair a bhí siad ar an scáileán agus nuair nach raibh siad ar an scáileán, agus bhí sé iontach fáilte a chur rompu arís.’

 Chríocnaigh  an eipeasóid seo le Tadhg, agus cumha air, ag tabhairt comhartha aitheantais do dhuine de na custaiméirí ab fhearr a bhí aige, Séamus Mhicil Tom (Diarmuid Mac an Adhastair), nach maireann, agus fágann sé muid ag smaoineamh faoi ‘céard atá i ndán dúinn?’

Tá Tadhg agus an Bleachtaire Cigire Ken fós in árach a chéile. Tá sé soiléir go bhfuil olc ag an mBleachtaire do Thadhg. An mbeidh Tadhg in ann an ceann is fearr a fháil air? An mairfidh caidreamh Mhichíl agus Laoise agus an mbeidh Sonny in ann an ceann is fearr a fháil ar Cora?

Jack. Aisteoir: Diarmuid de Faoite
Jack. Aisteoir: Diarmuid de Faoite

Tiocfaidh deireadh leis an séasúr mór, an 30ú séasúr de Ros na Rún Déardaoin an 25 de mhí an Mheithimh.

 Bhí gliondar ar Dhiarmuid de Faoite a bheith thar n-ais ar seit.

‘Bhí sé go hálainn filleadh ar seit Ros na Rún. Chaith mé blianta ag obair le cuid de na haisteoirí sin. Bím ag obair leo I gcónaí. Tagaim go Ros na Rún, agus bím ag obair mar chuid den chriú agus mar sin de.

‘D’aithríonn sé domsa ar nós go raibh mé ag filleadh ar chuid de mo chlann. Mo chlann oibre, mo chlann Gaeilge, mo chlann aisteoireachta, agus mo chlann ealaíona.

‘Chuir sé iontas orm cé chomh scioptha agus a d’fhill an carachtar orm, agus cuid de na scéalta a bhaineanns leis an gcarachtar.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram