

Is craoltóir raidió agus teilifís, agus aisteoir é Sheáin Ó Maoilchiaráin. Le gairm atá tar éis dul ó neart go neart le blianta beaga anuas, is cosúil nach bhfuil a haistear chun stopadh aon am go luath.
D’fhás Seán aníos i nÁth an Choite (Annacotty), Contae Luimnigh. Níor thogadh sé leis an Ghaelainn, ach is léir go bhfuil a chroí istigh inti.

‘Bhí paisean agam di. Ach, níor tháinig sé sin go dtí go raibh mé déanach sa mheánscoil. Thart ar an am san, bheartaigh mé rudaí a athrú agus díriú ar san agus post a lorg trí mheáin na Gaelainne.
‘De réir a chéile, d’athraigh sin ó bheith ag iarraidh a bheith i mo mhúinteoir go bheith ag obair sna meáin.
‘Dúirt mé liom féin go mbainfeann triail as ar feadh cúpla bliain, agus mura n-oibríonn sé amach, rachfainn thar nais ag múineadh.
‘Bhí deiseanna agam stuif a dhéanamh ar na meáin shóisialta leis an nAontas Mac Léinn, agus bhíos ag obair le BlocTG4.’
Ach, i ndiaidh na bliana sin, chuaigh sé go Gaillimh agus thosaigh sé ar chéim mháistreachta sna meáin in Ollscoil na Gaillimhe.
Bhí sé sin níos dhírithe ar iriseoireacht agus craoltóireacht trí Ghaeilge.
Dúirt sé: ‘I 2023, fuaireamar an deis dul chomh fada le RTÉ i nDomhnach Broc. Bhíos ag obair leis an laoch í féin Siún Ní Dhuinn, faoin a strúir.
‘Bhí sí ag múineadh dom conas alt a scríobh, conas agallamh a dhéanamh – thaitin sé sin go mór mór liom.
‘Ó bheith ag “careers fair” san ollscoil lá amhain, bhuail mé le Bernie Hoban ó Fíbín Media. Dúirt sí liom go raibh siadsan ag eagrú cúrsa iriseoireachta agus léiriúchán teilifíse le linn an tsamhraidh san.
‘Dhein mé an chúrsa san – cúrsa sé seachtaine traenála. Is ó shin a bhfuaireas an post le Cúla4 mar láithreoir nuachta.’
Tá sé ag cur faoi anois i gCathair na Gaillimhe, áit ina bhfuil sé chomh sásta. Bíonn sé le feiscint gach Máirt agus Déardaoin ar TG4 mar Cillian ar Ros na Rún.
Agus anois tá seó raidió ag Seán dárbh ainm Sláinte ar GalwayBay FM.

‘Leis an saol seo, caithfidh tú a bheith santach,’ arsa Seán. ‘Caithfidh tú a bheith i gcónaí sa tóir ar dheiseanna, agus bealaí gur féidir leat do ghairm a fheabhsú.
‘Tá sé greannmhar le Ros na Rún is dócha. Cara ollmhór de mo chuid Róisín Ní Mhaoláin. Dúirt sí liom lá amháin le linn an tsamhraidh seo caite go raibh siad sa tóir ar leaids sna ficheidí le héisteacht a dhéanamh don ról. Ní raibh an ról luaite.
‘Bhí sé i gcónaí ar intinn agam triail a bhaint as an aisteoireacht, ach ní raibh sé déanta agam riamh roimhe sin. Nuair a dhéanaim rud ar bith, déanaim i gceart é..
‘Cuireann an t-aisteoireacht go leor le mo scileanna láithreoireachta, agus mé ag obair ar an raidió nó ar an teilifís. Téann siad i lámh a chéile.
‘Bíonn sé deacair dom a chreidiúint gur aisteoir ar an teilifís mé. Bhíos chomh ciúin agus cúthaileach mar dhuine óg.’
Déanann Seán páirt Cillian, agus tá sé fearáilte le rá nach bhfuil sé mór le gach duine i Ros na Rún. Ach creideann Seán go bhfuil Cillian ag iarraidh gach rud a dhéanamh i gceart, seachas brú a chur ar hEvan, atá ag streachailt leis a bhfearúlacht.
‘Tá Cillian diffriúil uaimse san fhíorshaol. Ach, tá cosúlachtaí ann. Bíonn sé ag iarraidh dul isteach, agus cairde a dhéanamh, agus dul i bhfeidhm ar daoine i mbealach dearfach. Thuig mé an taobh san dó.

‘Tá siad (Cillian agus Evan) ana mhór le chéile faoin bpionte seo. Nuair a thagann Cillian thar n-ais go Ros na Rún, buaileann sé le hEvan, agus tosaíonn cairdeas eatarthu.
‘An rud atá ó Chillian ná dea-sampla a thabhairt d’Evan, sa bhealach ‘is a fheiceann Cillian é. Tá sé ag iarraidh é a thabhairt chuig an giom, é a thraenáil, agus go mbeidh níos mó smacht aige ar a aiste bia, agus go mbeidh sé níos mó i gceannas ar an gcaifé. Sin an caidreamh atá acu i láthair na huaire.
‘Le Cillian, son rud a dhéanann se, ceapann sé gurb an rud ceart atá á dhéanamh aige. Tá sé ag iarraidh go mbeadh Evan cosúil leis, mar cheapann Cillian go bhfuil sé rathúil.’
Cé go bhfuil aisteoirí Ros na Rún ar sos faoi láthair, tá Seán fós an-ghnóthach. Thosnaigh sé ag cur Sláinte i láthair ar GalwayBay FM i Mí Aibreán. Bíonn an clár dátheangach le cloisteáil gach Luan-Déardaoin ó 6pm go dtí 8pm.
‘Thug GalwayBay FM an oiread san saoirse dom mo spin féin a chur ar Shláinte, agus is ansin gur bheartaigh mé clár nach mór dátheangach a dhéanamh.
‘Togann sé neart fuinneamh a bheith ar siúl an t-am ar fad. Caithfidh tú a bheith ag smaoineamh. Caithfidh tú a bheith tapaigh.
‘Is iontach é, agus is ollmhór an onóir é go bhfuil mo sheó féin agam ar GalwayBayFM, rud nár shamlaigh mé riamh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.