Sean-nós Noeleen Ní Cholla ar scéal nua-aimseartha Ros na Rún

Is í an t-aisteoir, Noeleen Ní Cholla as Gaeltacht Dhún na nGall, Gaoth Dobhair, atá ag déanamh páirt Shaorla ar Ros na Rún

Tá bród ar an t-aisteoir agus amhránaí sean nós Noeleen Ní Cholla le bheith roghnaithe chun páirt Saorla Ní Raghallaigh a dhéanamh ar Ros na Rún.

Cé nach bhfuil mórán feicthe agam de Shaorla go fóill, is cinnte go mbeidh tionchar mór aici ar mhuintir na háite.

Tá sí anois i measc na scéalta agus na gcarachtar siamsúil atá le feiceáil i séasúr 30 de Ros na Rún.

Is í an t-aisteoir, Noeleen Ní Cholla as Gaeltacht Dhún na nGall, Gaoth Dobhair, atá ag déanamh páirt Shaorla.

Is duine gealgháireach í a carachtar, Saorla, agus tá sí i gcónaí cairdiúil agus suáilceach. Níl aon teorainn lena dóchas, rud a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar charachtair áirithe i Ros na Rún, Vanessa ina measc.

Is múinteoir í Saorla i mbunscoil in aice láimhe agus faoi láthair, tá sí i mbun caidrimh le Béibhinn. Is í an t-aisteoir Ciara Ní É a dhéanann páirt Bhéibhinn. 

Noeleen Ní Cholla
Noeleen Ní Cholla

Creideann Saorla nach leor a bheith go deas sa saol ach go gcaithfear a bheith go maith freisin agus mar gheall air seo, tugann sí aghaidh ar an saol ar bhealaí praiticiúla, mar shampla, obair dheonach a dhéanamh le carthanachtaí áitiúla.

In ainneoin a dearcaidh phraiticiúil, áfach, is féidir le Saorla a bheith soineanta agus bearránach, go háirithe ó thaobh caidrimh aibí a láimhseáil, idir phlatónach agus eile.

Cé go bhfuil sé luath fós, tá a mothúcháin do Bhéibhinn láidir agus feictear di cheana féin go mairfidh an caidreamh i bhfad. Beidh tionchar aici ar phobal Ros na Rún, ar a caidreamh le Béibhinn agus ar an gcairdeas a chruthaíonn sí le daoine.

Agus í ar an stáitse ó bhí sí óg in éineacht leis an scoil agus le cumainn amharclainne Ghaoth Dobhair, tá cleachtadh maith ag Noeleen Ní Cholla ar an aisteoireacht.

Rinne sí guthú ar go leor cartúin Ghaeilge leis an gcomhlacht léiriúcháin neamhspleách iomráiteach Telegael, agus freisin, tá sí le feiceáil ar; Síorghaoth agus Now You’re Talking.

Tá clú ar Noeleen chomh maith de bharr a cuid amhránaíochta agus bhuaigh sí an comórtas, Amhránaíocht ar an Sean-Nós, ag Fleadh 2024 i Loch Garman.

‘Tá áthas orm gur éirigh liom éisteacht a bheith agam do pháirt Shaorla Uí Raghallaigh leis an bhfoireann iontach aisteoirí i Ros na Rún,’ a deir Noeleen.

‘Tá mé an‑tugtha don Ghaeilge, don cheol agus don chultúr Gaelach ó tharla gur tógadh i nGaoth Dobhair mé agus ó tharla go raibh mé sáite san aisteoireacht, sa chultúr, sa cheol traidisiúnta agus san amhránaíocht ar an sean-nós i gcaitheamh mo shaoil.

‘Táim ag tnúth go mór le bheith ag obair le foireann Ros na Rún chun carachtar Shaorla a fhorbairt agus cá bhfios nach dtabharfadh Tadhg gig cheoil nó amhránaíochta do Shaorla sa teach tábhairne mór le rá, Tigh Thaidhg.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram