

Bhí scoláireachtaí Gaeilge á mbronnadh ar mhic léinn as Ceanada in Acadamh na Gaeilge, An Cheathrú Rua i gConamara, fad is a bhí Carney in Achadh Ghobhair, baile dúchais a mhuintire i gContae Mhaigh Eo.
Bhí daoine i gCeathrú Rua ag súil go mbuailfeadh Príomh Aire Cheanada isteach an doras ach faraor níor tharla.

Níor loic sin ar áthas ná bród na mac léinn a ngradaim a fháil.
Roghnaidh siad cur isteach ar chúrsa fhoghlaim Gaeilge in Éirinn ina n-ollscoileanna féin i Toronto, Ottawa, Montreal, New Brunswick, Talamh an Éisc agus rinne os cionn scór acu an taisteal agus an freastal ar ranganna i gConamara eagraithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ann.

Duine amháin acu siúd ná Allison Russell as Montreal, Quebec.
‘Tá nasc láidir le cultúr na hÉireann i Montreal,’ dúirt sí.
Ba as Corcaigh agus Cill Dara mo sheanmhuintire féin. Bhí mé ag foghlaim Ghaeilge le dhá bhliain anuas tríd an bhFondúireacht Ollscoil Éireann Ceanada. Tá an Ghaeilge tábhachtach i mo shaol.’
Tá go leor i gcoitinne idir mhuintir na hÉireann agus Ceanada, a deir Allison.

Tá siad cairdiúil agus cabhrach. ‘Tá rithim an tsaoil níos réidhe i gConamara agus tá caidreamh níos dlúithe acu lena chéile ná mar atá sa bhaile agamsa.’
Bhí iontas uirthi go raibh príomhaire a thíre féin in Éirinn ag an am céanna.
‘Bhraith mé ceangal níos daingne idir mo thír féin agus Éire de bharr a chuairte,’ a dúirt sí.

Ach ní i dtreo na hÉireann amháin atá an trácht fhoghlama ag dul.
Tá scata teagascóirí Gaeilge ó Éireann ag bualadh thall go dtí na hollscoileanna i gCeanada chun Gaeilge a mhúineadh do na mic léinn thall.
Ina measc siúd tá Méabh Ní Chonaill as Cill na Martra, Múscraí i gContae Chorcaí.

Bean gníomhach í Méabh. Tá bunchéim díreach bainte amach sa Ghaoluinn agus sa Cheol aici in UCC.
‘Seinm an fhidil, an fheadóg stáin agus an pianó agus bím ag rince seit agus ag plé le cúrsaí raidió i m’am saor,’ a deir sí.
Tá dindiúirí go domhain aici faoin dámhachtain a bhain sí amach chun teagasc.
‘Do chaitheas bliain i Montreal, i gCeanada roimhe seo, mar chuid de mo bhunchéim. Do thaitin sé go mór liom agus bhí fonn orm filleadh ar an tír arís,’ a dúirt sí.

‘Tá go leor ceoltóirí iontacha thall ann agus chaitheas roinnt ama ag foghlaim ceol na fidile i Quebéc. Táim ag tnúth go mór leis an deis seo.
‘Tá suim mhór agam i stair na hÉireannach i gCeanada agus a gcuid ceoil agus táim ag súil go mór leis an deis a bheith ag seinnt thall ann agus bualadh leis na Gaeil atá i Toronto.’
Go n-éirí leo, na Gaeil sa bhaile agus na Gaeil-Cheanada.






• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.