Domhnall Ó Braonáin: Sláine na Gaeltachta, sí sláine na Gaeilge í

Tá i bhfad níos mó i gceist le Domhnall Ó Braonáin, atá i ról Cam Doherty i Ros na Rún, ná aisteoireacht. Tá sé tiomanta don teanga a choinneáil beo sa Ghaeltacht agus trí fhilíocht agus amhránaíocht.

Tá an t-aisteoir ó Ros na Run, Domhnall Ó Braonáin fite fuaite leis an Ghaeltacht. D’fhás an t-amhránaí, aisteoir agus gníomhaí aníos i gConamara, atá gar dona chroí.

Bhí suim aige i gcónaí i gcúrsaí aisteoireachta. Bhí an dráma an-láidir ina bhunscoil.

‘Thaitin sé go mór liom a bheith ar an stáitse nuair a bhí mé an-óg,’ a deir sé.

‘Ansin, a fhad is a bhí mé ar an mbunscoil, d’éirigh liom cúpla gig bheag a fháil ar ghearrscannáin. Bhí mé sa tsraith sin Na Cloigne nuair a bhí mé i mo ghasúr.

‘Ghlac mé páirt i gcúpla ceann de na geamaireachtaí sa Taibhdhearc. Agus nuair a bhí mé ar an gcoláiste tháinig mé isteach go Ros na Rún.

Richard Walsh (ar chlé) agus Domhnall Ó Braonáin (ar dheis) i Ros na Rún. Pictiúr: Ros na Rún/Curtha ar fáil
Richard Walsh (ar chlé) agus Domhnall Ó Braonáin (ar dheis) i Ros na Rún. Pictiúr: Ros na Rún/Curtha ar fáil

‘Is breá liom Ros na Rún. Seod a dheireanns mé i gcónaí – ní obair é ar bhealach amháin. Bíonn muid ag obair go crua, ach is spraoi atá i gceist i ndáiríre idir an tseomra glas, agus a bheith ar seit leis an gcriú. Taitníonn sé go mór liom.’

Bhí athair Dhomhnaill ag scríobh le Ros na Rún le tuairim is fiche seacht bliain.

‘Dúirt sé gur scríobh sé chuid do chúlra mo charactar,’ a deir Domhnall.

Tógadh Domhnall timpeall daoine cruthacha. Is amhránaí sean-nós iad a  mham agus a huncail. Tugadh na traidisiúin sin anuas go Domhnall go bródúil.

Bhuaigh sé comórtas Sean-Nós na BhFear faoi dhó ag an Oireachtas.

‘Is envoy mise don fhilíocht. Ní fúmsa atá an cur i láthair sean-nós, ach an fhilíocht, an t-amhrán a chur i láthair ar bhealach atá sóiléir, deas ar an gcluas, agus an scéal a insint mar a bhí an file ag iarraidh an scéal a inseacht.’

Nuair a casann tú leo (na polaiteoirí) i seomraí cruinne, sin an uair ina bhfuil tú in ann tionchar a bheith agat ar phoilaiteoirí, agus tríd sin, ar pholasaí. Tá sé tábhacthach go ndeanann muid rud éigin faoi bhánú na Gaeltachta, le go mbeadh daoine óga in ann cur fúb sa nGaeltacht.

‘Tá go leor do stair na tíre agus stair mhuintir na tíre – tá siad istigh sna hamhráin sin. Faigheann tú dearcadh isteach i saol chois mhuintir na tíre nach bhfeicfidh tú i dtráchtas a bheith scríofa sna nuachtáin ón am.

‘Tá go leor oidhreacht na teanga ann, atá cineál ag imeacht as an teanga. Tá bealaí aláinne ann ag déanamh cur síos ar rudaí.

‘Ó tharla go bhfuil an cineál traidisiún agam, feicim luach in é a choinneáil beo. Tá mé ag déanamh mo chuid leis é a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.’

Bíonn Domhnall ag obair go deonach le Bánú na Gaeltachta chomh maith. Bunaíodh Bánú na Gaeltachta i 2024 chun dul i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.

Banu na Gaeltachta

‘Is iad na cruinnithe nach bhfeiceann daoine, agus castáil le polaiteoirí, agus ag iarraidh a bheith ag míniú rudaí mar seo do pholaiteoirí le gur féidir aire a thabhairt thart, a choinnigh áiteanna speisialta cosúil leis an nGaeltacht slán.’

Chuireas Caitríona Ní Chualáin ó TG4 faoi agallamh roinnt mhí ó shin, agus í tar éis chur isteach ar chead pleanála den tríú huair.

Bhí sé i gcónaí ‘mar sprioc’ ag Caitríona, agus í ag maireachtáil agus ag múineadh i Maigh Nuad, teacht abhaile go Conamara.

Agus cé go bhfuil aithne againn uirthi mar láithreoir aimsire agus leanúnachas le roinnt blianta anois, bhí se chomh deacair uirthi agus a clann. Seo píosa ó cad a bhí le rá aici:

31/8/2018 
Weather Forecaster  TG4. Caitríona Ní Chualáin
Pic  Tom Honan.
Caitríona Ní Chualáin. Pictiúr: Tom Honan/TG4/Curtha ar fáil

‘Tá súil agam go n-athróidh rudaí, agus go n-athróidh rudaí go gearr.

‘Sílim go gcaitheadh rudaí athrú, más rud é go bhfuil siad ag iarraidh an Ghaeltacht a choinneáil, agus an teanga a shábháil amach anseo. Is dóigh go bhfuil an rud is tábhachtaí ná go mbeadh siad ag cuimhneamh ar sin agus go mbeadh siad ag cuimhneamh ar an chéad ghlúin eile.’

Dúirt Domhnall liom: ‘Is í an nGaeltacht fréamh na teanga. Ach, tá Gaeilgeoirí i bpócaí beaga ar fud na tíre. Ach, sna cathracha go háirithe, tá siad measctha isteach i bpobal mór Béarlóirí.

‘Gan áit cosúil leis an nGaeltacht, ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga laethúil, níl an cúltaca (anchor) sin ag an teanga le fanacht beo.’

Gan an Ghaeltacht, creideann sé go ‘mbeadh cúpla glúin Gaeilgeoirí agat i mBaile Átha Cliath, agus i Luimneach, agus bheidís ag fáil níos lú agus níos lú chuile bliain.

‘Bheadh níos lú meáin ag daoine le freastal ar an nGaeilge. Bheadh níos lú tionchairí ar an bhfón ag labhairt i nGaeilge. Bheadh daoine ag feiceáil níos lú agus níos lú don Ghaeilge.

‘Agus ansin, ní bheadh an toil chéanna acu an Ghaeilge a labhairt. Sláine na Gaeltachta, sí sláine na Gaeilge í’.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram