Tá sé ráite ag an bhfear grinn Jimmy Carr go raibh sé ‘gar do bhás’ nuair a tugadh isteach in ospidéal in Éirinn é.
Agus d’inis an Briotanach, atá 51 bliain d’aois, freisin faoin am nach mór a bhain siorc greim as. Is as Éirinn beirt tuismitheoir Carr.
Bhí Carr ina aoi ar phodchraoladh Kathy Burke, Where There’s A Will, There’s A Wake, agus bhí sé ag plé rudaí a dúirt sé, agus a cheap a mháthair féin go raibh siad greannmhar.
Chuimhnigh sé ar eachtra a tharla le linn dó a bheith san ospidéal le meiningíteas, agus é ina leanbh.
Shocraigh Carr ar sheanfhrása a bhí cloiste aige a úsáid nuair a bhí an dochtúir á ullmhú le haghaidh cóir leighis pianmhar.
Dúirt sé leis an bpodchraoladh gurbh é an frása, ‘Caithfidh tú a bheith cruálach le bheith cineálta (You have to be cruel to be kind)’, an chéad rud a dúirt sé riamh a cheap a mháthair a bhí greannmhar.
Dúirt Carr: ‘Bhí meiningíteas orm nuair a bhí mé i mo leanbh. Mar sin is é mo chéad chuimhne ná a bheith i Luimneach san Ospidéal Ginearálta.
‘Bhí mé trí bliana d’aois, sílim, agus dúradh liom ina dhiaidh sin go raibh mé an-ghar don bhás.
‘Dúirt an dochtúir, “Beidh sé seo an-phianmhar”. Agus ar bhealach éigin chuala mé an abairt sin, agus dúirt mé, “Caithfidh tú a bheith cruálach le bheith cineálta”, i nguth linbh bhig.
‘Bhí an-suim agam ar an nóiméad sin, mar dúradh liom i gcónaí, “Ó, is beag nach bhfuair tú bás.”
Agus níorbh é sin an t-aon ‘eispéireas gar do bháis’ a bhí ag Carr.
Dúirt sé leis an bpodchraoladh freisin go raibh sé beagnach ionsaithe ag siorc (shark).
Dúirt Carr gur scéal greannmhar a bheadh sé, le hinsint ag a mhuintir ag a shochraid.
Dúirt sé: ‘Bhí mé ag snámh le mo chara Henry, in Key West, agus bhí siorcanna san uisce. Agus iompaigh ceann amháin timpeall.
‘Bhíomar ag snámh leis na siorcanna beaga seo ar feadh an lae agus rinneamar míbhreithiúnas faoi cheann amháin acu.
‘Bhí sé ollmhór agus d’iompaigh sé thart agus tháinig sé chugainn.
‘Is cuimhin liom ag smaoineamh ar an sean jóc ag an am: “Ní chaithfidh mé a bheith níos tapúla ná an béar, ní mór dom ach a bheith níos tapúla ná an duine eile”. Ní raibh orm ach snámh níos tapúla ná mo chara Henry go dtí an gcoiréal sábháilte.’
Beidh Carr ag dul ar camchuairt náisiúnta Éireannach i mí na Bealtaine seo lena sheó nua, Laughs Funny.
Dhíol a chamchuairt dheireanach, Terribly Funny, níos mó ná milliún ticéad ar fud an domhain agus bhí sé i 50 tír éagsúil.
Beidh na chéad seónna i mBaile Átha Cliath ag Amharclann an 3Olympia, le seónna Dé Céadaoin 22 Bealtaine agus Déardaoin 23 Bealtaine, sula dtaistealaíonn sé timpeall na tíre.
I measc na háiteanna eile a bheidh ar an turas tá Leisureland i nGaillimh, Arena INEC an Gleneagle i gCill Airne, Co. Chiarraí agus an Opera House i gCorcaigh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.