Beidh Éire ina hóstach ar Euro 2028 i gcomhar leis an mBreatain tar éis d’iomaitheoirí na Tuirce a tairiscint a tharraingt siar.
Ba í an Tuirc an t-aon tairgeoir deimhnithe eile don gcomórtas sacair na hEorpa.
Tá an Tuirc tar éis dul i gcomhar leis an Iodáil anois chun comórtas 2032 a óstáil tar éis faomhadh (approval) UEFA, rud a chiallaíonn nach bhfuil ann ach tairiscint amháin anois chun eagrán 2028 a óstáil.
Tá an Bhreatain agus Éire le bheith rathúil i Nyon Dé Máirt seo chugainn, gan aon cur i gcoinne a n-iarratas.
I ráiteas dheimhnigh UEFA go mbeidh comórtas 2028 in Éirinn agus sa Bhreatain agus go mbeidh comórtas 2032 sa Tuirc agus san Iodáil, ar feitheamh cheadú choiste feidhmiúcháin UEFA.
Tá Staid Aviva i mBaile Átha Cliath agus Páirc Mhic Easmainn (Casement Park), atá fós le tógáil, i mBéal Feirste, liostaithe i measc 10 n-ionad atá deimhnithe don chomhthairiscint.
Is iad na hocht staidiam eile ná Wembley, Tottenham Hotspur Stadium, Etihad Stadium, Bramley-Moore Dock Stadium nua de chuid Everton, Villa Park agus St James’ Park i Sasana, Páirc Hampden in Albain agus Staidiam Náisiúnta Caerdydd (Cardiff National Stadium) sa Bhreatain Bheag.
Leis an tairiscint rathúil tabharfar faomhadh (approval) don athfhorbairt a rabhthas ag súil leis le fada ar Pháirc Mhic Easmainn (Casement Park).
Anuraidh díbríodh dúshlán dlíthiúil in aghaidh an chinnidh cead pleanála a thabhairt don athfhorbairt agus tá súil anois ag CLG Uladh cluichí a imirt ansin go déanach in 2025.
Táthar le tosú ar an obair thógála ar Pháirc Mhic Easmainn an bhliain seo chugainn.
Dúirt an FAI ar maidin Dé Céadaoin, go bhfuil siad ag súil lena n-iarratas a chur i láthair UEFA san Eilvéis an tseachtain seo chugainn.
Anuraidh, rinne an Rialtas réamh-mheastachán ar an mbuntáiste eacnamaíoch dá mbeadh Éire ina comhóstach don chomórtas ná €361 milliún.
Dúirt siad go ndearnadh ‘anailís costais is tairbhe agus grinnscrúdú oibiachtúil an-fhairsing’ ar an togra.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.