An Eilvéis (Switzerland) inniu! Cad a d’fhoghlaim muid faoi John O’Shea sa chluiche in aghaidh na Beilge (Belgium)?

25/03/2024

Is bainisteoir eatramhach (temporary) é John O’Shea, le roinnt imreoirí nua agus le scórálaí cúl nár scóráil le déanaí – ach bhí na teaicticí ceart aige

Fear sásta ab ea John O’Shea tar éis an chluiche in aghaidh na Beilge Dé Sathairn. Ag preasagallamh bhí O’Shea, bainisteoir eatramhach na hÉireann, ag caint faoi na laigí a tharla le linn an chluiche.

Dúirt sé, áfach: ‘In amanna bhí sé thar cionn, bhíomar in airde na páirce, bhíomar ag brú níos airde, ag brú na Beilge ar ais agus ag tógáil suímh níos fearr dúinn féin nuair a bhuaigh muid an liathróid ar ais.’

Evan Ferguson ag déanamh iarracht scór a fháil
Evan Ferguson ag déanamh iarracht scór a fháil

Agus, ar a bhealach féin, bhí bainisteoir na Beilge, Domenico Tedesco, ag tabhairt moladh níos fearr fós don chaoi ar imir Éire.

Dúirt sé go raibh a fhoireann dodhéanta agus iad ag iarraidh imirt tríd.

‘Ní raibh sé éasca do na himreoirí, ní raibh spásanna idir na línte,’ a dúirt Tedesco.

Agus frustrachas air faoi theipeanna a fhoirne – atá, le bheith cothrom le hÉirinn, rangaithe mar an ceathrú foireann is fearr ar domhan – dúirt sé: ‘Cluiche leadránach, ní ceann maith, rithim mhall, pasanna malla, gan sprid.’

Níor chruthaigh siad ach seans mór amháin, ó Thomas Meunier, ach chuir cúl báire Learpholl (Liverpool) ó Chorcaigh Caoimhín Kelleher stop leis.

‘Cuir iad faoi bhrú,’ mar a dúirt Jack Charlton.

Mar sin féin, ní raibh foireann O’Shea ag imirt mar a bhí foireann Charlton.

Bhí seansanna ag Éirinn, triúr seans an-mhaith– dhá cheann acu ag Evan Ferguson, nach bhfuil ag scóráil do Brighton ach an oiread. Tá 21 cluiche imeartha aige gan scór.

Theip air cic éirice a scóráil tar éis 28 nóiméad den chluiche. Agus níor éirigh leis scór nuair a d’aimsigh crosaire Robbie Brady é sa chéad nóiméad den dara leath.

Ach ní raibh aon duine ag cur an milleán ar Ferguson, atá 19 mbliana d’aois, tar éis an chluiche. Agus d’imir sé go maith ar shlí eile.

Dúirt O’Shea: ‘Sin mar a bhíonn sé. Beidh seal eile aige mar sin i gceann cúig nó sé bliana, cúpla mí gan cúl. Tarlaíonn sé le tosaithe.

‘Chomh luath agus a thosóidh sé ag fáil cúil arís beidh sé ceart go leor.’

Mar sin, seans gurb é Ferguson an Darwin Núñez ar fhoireann na hÉireann – agus tá a bhfuil á dhéanamh ag Núñez do Learpholl feicthe againn anois.

Bhí Kelleher – a thosaigh in áit Gavin Bazunu tar éis imirt go maith le Learpholl le déanaí – sásta le cluiche na hÉireann freisin agus le bainistíocht O’Shea.

Ag labhairt dó le Virgin Media, dúirt sé: ‘Go leor rudaí dearfacha le baint as sin. Tosaímid le bunús maith le “clean sheet” agus is dóigh liom gur chruthaigh muid cúpla seans.

John O'Shea le Caoimhín Kelleher
John O’Shea le Caoimhín Kelleher

‘Theip orainn leis and cic éiric, táimid ag teacht amach leis an mothú gurbh fhéidir gur cheart go mbeadh níos mó againn.

‘Ach freisin táimid fós sásta le tús maith dúinn le John O’Shea. Shíl mé gur tháinig muid isteach agus rinne muid go maith inniu – dearfach.

‘Thosaigh muid go han-mhaith agus ansin lean muid ar aghaidh agus chruthaigh muid go leor seans. Sa chéad leath cheap mé go raibh muid sách ceannasach le bheith cothrom.’

Imreoidh Éire an Eilvéis tráthnóna inniu (Dé Máirt) i staidiam Aviva ag 7.45 agus taispeánfar an cluiche ar Virgin


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram