Bhí an bua ag an Eilvéis in aghaidh na hÉireann ach tá O’Shea réidh le dul i gceannas

27/03/2024

Bhí na réaltaí agus na teaicticí cearta ag an Eilvéis ach bhí cúpla seans ag Éirinn scóráil – mar sin ar cheart do John O’Shea a bheith ina bhainisteoir nua ar Éirinn?

Ní raibh aon éileamh (demand) ar John O’Shea a bheith ina bhainisteoir buan (permanent) d’Éirinn oíche Dé Máirt tar éis teip ar na foirne ina gcluiche cairdiúil in aghaidh na hEilvéise.

Ach níor chuir sé sin stop le bainisteoir sealadach na hÉireann a rá go bhfuil sé réidh le dul i gceannas.

Dúirt O’Shea go bhfuil ‘blas’ faighte aige don jab, tar éis seachtain i gceannas inar chríochnaigh Éire ar chomhscóir i gcluiche ba cheart a bheith buaite acu agus gur chaill siad cluiche ba cheart a bheith ar chomhscóir.

brady

‘Ar mhaith liom é a dhéanamh níos mó? An freagra uaim ná, ba mhaith liom. Ach cá bhfuil sé sin? Fanfaimid go bhfeicfimid,’ a dúirt sé.

‘Is é an mothúchán atá agam ná go bhfuilim réidh agus ábalta bheith i mo bhainisteoir,’ a dúirt sé.

Nuair a fiafraíodh de an iarrfadh sé ar an FAI, dúirt sé: ‘Sílim gur rud é sin a bheidh á phlé againn níos déanaí.

‘Dom féin bhí an fócas iomlán ar an dá chluiche, bain sult astu, foghlaim fúthu agus foghlaim fúm féin.’

Mar sin féin, sa chluiche oíche Dé Máirt, bhí go leor den fhuinneamh, den scil agus den tsamhlaíocht a chonaic an lucht leanúna sa chluiche in aghaidh na Beilge Dé Sathairn as láthair, agus bhuaigh an Eilvéis an cluiche, 1-0.

Tá an Bheilg rangaithe mar an ceathrú foireann is fearr ar domhan agus d’éirigh le hÉirinn iad a choinneáil go dtí cluiche gan scór i gcluiche a theip ar Evan Ferguson a scóráil ó chic éirice, agus a theip ar Ferguson freisin scóráil lena chloigeann os comhair chúl na Beilge.

Mar gheall air sin bhí an lucht leanúna ag súil le cluiche níos fearr ó na himreoirí Éireannacha sa chluiche in aghaidh na hEilvéise.

Bhí roinnt réaltaí idirnáisiúnta mór le rá  ag an Eilvéis mar Fabian Schar, Granit Xhaka agus iar-réalta Learpholl Xherdan Shaqiri.

Thosaigh Éire go maith ach fuair na hEilvéise smacht ar an gcluiche tar éis deich nóiméad agus b’éigean d’Éirinn cosaint a dhéanamh ar feadh cuid mhaith den chéad leath – agus is beag seans a bhí acu cúl na hEilvéise a ionsaí.

Bhí ar na cúlaithe Séamus Coleman agus Robbie Brady fanacht ar ais agus cosaint a dhéanamh, agus na hEilvéise ag bagairt scóráil.

D’éirigh le Coleman dul chun tosaigh cúpla uair agus chuir an cúl báire Gavin Bazunu pasanna maithe fada leis, agus chuir Sammie Szmodics – ag déanamh an dara láithreas d’Éirinn – trioblóid do chosaint na hEilvéise; ach sa seans ab fhearr a bhí ag Éirinn bhí Coleman ‘offside’.

shaqiri goal

Fuair siad a chúl ó chic saor sa 22ú nóiméad ar imeall an D. Chiceáil Shaqiri an liathróid thar an mballa agus isteach sa chúinne ag bun ar chlé. Bhí Bazunu ró-mhall chun an liathróid a stopadh.

Bhí Éire níos fearr sa dara leath agus fuair siad roinnt seansanna scórála. Ag an am céanna tháinig an chosaint faoi go leor brú agus d’éirigh go maith leo.

Bhí níos mó seansanna agus neart fuinnimh acu nuair a tháinig Matt Doherty, Will Smallbone agus Adam Idah isteach – ach ní raibh siad in ann cúl a scóráil.

Sa deireadh bhí díomá ar an lucht leanúna tar éis díograis an chluiche in aghaidh na Beilge, tá an moladh do O’Shea – ach b’fhéidir go mbeidh an seans aige.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram