Scéalta na Seachtaine: Seans go gcuirfear ‘asylum seekers’ go dtí an Tuirc, a deir an Taoiseach

16/03/2024

D’íocfadh an tAontas Eorpach le tíortha, lena n-áirítear an Tuirc b’fhéidir, as iarrthóirí tearmainn (asylum seekers) a ghlacadh, faoi phlean nua

Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhféadfadh iarrthóirí tearmainn (asylum seekers) atá ag teacht go hÉirinn a chur go dtí an Tuirc má chinneann an Rialtas síniú le moladh nua ón Aontas Eorpach.

Tá tithíocht d’iarrthóirí tearmainn faoi bhrú, agus tá breis agus 1,260 duine tagtha anseo gan leaba.

Ag labhairt dó inné sna Stáit Aontaithe, dúirt an tUasal Varadkar nach bhfuil an Rialtas ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine gan teacht go hÉirinn.

Taoiseach Leo Varadkar
Taoiseach Leo Varadkar

Dúirt sé dá mbeadh daoine ag iarraidh teacht go dtí an tír seo gur cheart dóibh é sin a dhéanamh trí na bealaí cearta trí cheadanna oibre.

Dúirt an tUasal Varadkar go bhfuil ‘méadú’ ar líon na n-imirceach ag teacht trasna na teorann ón Tuaisceart agus go bhfuil an Rialtas ag obair leis an mBreatain agus an tAontas Eorpach faoi sin.

Dúirt sé freisin, faoi thograí nua ón Aontas Eorpach, go bhféadfaí iarrthóirí tearmainn in Éirinn a phróiseáil i dtríú tír, taobh amuigh den Aontas Eorpach.

Dúirt sé go gcaithfeadh an Rialtas cinneadh a dhéanamh faoi seo a shíniú sna seachtainí amach romhainn. Dúirt sé go n-íocfadh an AE le tíortha, lena n-áirítear an Tuirc b’fhéidir, as na hiarratasóirí seo a ghlacadh agus go gcaithfí aon aistriú i dtreo seo a dhéanamh i gcomhréir le hoibleagáidí cearta daonna.

De réir tuairisc ag RTÉ, tá sé ráite ag an Taoiseach go dtacaíonn sé le cur chuige a chuir Páirtí an Phobail Eorpaigh (EPP) chun cinn maidir le hiarrthóirí tearmainn a dhíbirt go ‘trú tíortha sábháilte’, ach dúirt sé go gcaithfeadh sé cloí le coinbhinsiúin idirnáisiúnta (international conventions).

Tá an togra i bhforógra an EPP don chéad téarma parlaiminteach Eorpach eile roimh na toghcháin i mí an Mheithimh. Tá Fine Gael ina bhall den EPP.

Cuireadh an togra i gcomparáid le beartas Ruanda na Breataine, de réir an tuairisc.

Dúirt an Taoiseach go bhfuil súil aige nach spreagfar agóidí nuair a fhógraítear láithreacha cúig ionad mhóra nua do dhídeanaithe ón Úcráin in Éirinn.

Íocfadh an AE le tíortha, lena n-áirítear an Tuirc b'fhéidir, na hiarratasóirí a ghlacadh
Íocfadh an AE le tíortha, lena n-áirítear an Tuirc b’fhéidir, as na hiarratasóirí a ghlacadh

I measc na n-ionad ainmnithe nua tá Bóthar Bhaile Uí Ógáin (Ballyogan Road)  i gcathair Bhaile Átha Cliath, áit a bhfuil spás do 392 duine; Fernbank i gcathair Luimnigh, do 250 duine; Baile Phúinse (Punchestown) i gCo. Chill Dara, áit ar féidir 378 a bheith ann; agus Sráid Ghearóid Uí Ghríofa i gcathair Chorcaí, ina bhfuil cónaí ar 107 duine.

Is é an cúigiú láthair an Sráidbhaile (Stradbally) i gCo. Laoise, áit ar féidir cóiríocht a chur ar fáil do 950 duine ar shuíomh Electric Picnic i bpubaill a úsáidtear le haghaidh lucht féile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram