Freastalóidh an tAire Meán Catherine Martin ar chruinniú ríthábhachtach den Chomh-Aireacht (Cabinet), áit a n-iarrfar uirthi fáil réidh leis an bhord iomlán RTÉ agus ceann nua a cheapadh a mbeidh muinín aici as.
Tiocfaidh an t-éileamh i ndiaidh na bhforbairtí drámatúla nuair a d’éirigh cathaoirleach bhord RTÉ Siún Ní Raghallaigh as a phost Dé hAoine seo caite.
Tá briseadh mór tagtha ar an gcaidreamh (relationship) idir an bord agus Catherine Martin tar éis imeacht Ms Ní Raghallaigh.
D úirt Ms Martin sa Dáil Dé Céadaoin go bhfuil sí chun déileáil leis an tsraith géarchéimeanna ag RTÉ.
Cuireadh ina leith, áfach, go raibh sí ‘ar iarraidh san aicsean (missing in action)’ ar feadh na naoi mí a raibh conspóidí ag RTÉ.
Tá sé ráite ag airí go gcaithfidh an Ms Martin bord a cheapadh a mbeidh ‘muinín iomlán’ ann, dar leis an Irish Daily Mail.
Dúradh leis an Aire Martin sa Dáil Dé Céadaoin, seachas seasmhacht (stability) a thabhairt do RTÉ, gur chaith sí ‘grenade’ ar an scéal.
Dúirt Ms Martin ar Prime Time RTÉ Déardaoin seo caite go fuair sí eolas míchruinn ó Ms Ní Raghallaigh faoi dhó ag cruinnithe mar gheall ar shíniú pacáistí suntasacha scoir anuraidh.
Agus nuair a theip ar Ms Martin muinín a chur in iúl do Ms Ní Raghallaigh ar an gclár beo, d’éirigh cathaoirleach RTÉ as oifig roimh 1am maidin Dé hAoine.
Bhí cruinniú éigeandála ag na baill bhoird eile Dé hAoine agus bhíothas ag súil go forleathan i gciorcail an Rialtais go n-éireodh siad ar fad as, ach roghnaigh siad fanacht in situ, ag lua an ghá le seasmhacht (stability), dearcadh a thacaigh an t-ard-stiúrthóir, Kevin Bakhurst, leis.
Dúirt foinse Comh-aireachta amháin, áfach: ‘Ba cheart dí fáil réidh leo roimhe seo, ach le cathaoirleach nua ar tí a bheith ceaptha tugann sé an deis di an bord a líonadh le daoine a bhfuil muinín aici iontu.’
Dúirt Seanadóir Fhianna Fáil agus ball de Choiste Meán an Oireachtais Micheál Carrigy leis an Irish Daily Mail go bhfuil siad ag iarraidh ‘scuab nua’ agus go bhfuil gá le bord nua in éineacht le cathaoirleach nua a cheapadh.
Dúirt Seanadóir Fhianna Fáil Timmy Dooley go mbeadh sé ‘deacair’ do Ms Martin gan gníomhú mar gheall ar na conspóidí a bhí ann, lena n-áirítear an costas €2.2 milliún a bhí ar Toy Show The Musical ar theip air.
Iarrfar ar an gComh-Aireacht cathaoirleach nua ar bhord RTÉ a cheadú nuair a thiocfaidh na hairí le chéile Dé Máirt.
Creidtear gurb iad Brian McCraith agus Kevin Rafter rogha na coitiantachta. Bhí McCraith i gceannas ar rolladh amach na vacsaíne Covid-19 agus bhí sé ina chathaoirleach ar choiste Thodhchaí na Meán , agus is iarchathaoirleach na Comhairle Ealaíon é Kevin Rafter.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.