Ceathrar marbh i mbialann turasóireachta i Mallorca

Tá gortuithe tromchúiseacha (serious injuries) ag roinnt daoine agus bhí roinnt eile fós gafa taobh istigh den bhialann sa Playa de Palma i Mallorca, ionad saoire a bhfuil an-tóir ag turasóirí Éireannacha air

Tá ceathrar básaithe agus timpeall 21 duine gortaithe tar éis do dhíon bialann dhá stór titim i Mallorca.

Tá Mallorca ar cheann de na hOileáin Bhailéaracha (Balearic Islands) sa Spáinn agus bíonn an-tóir ag turasóirí Éireannacha air ag an am seo den bhliain.

Tharla an tubaiste i gceantar Playa de Palma ó dheas de phríomhchathair an oileáin Palma de Mallorca. áit a bhfuil go leor turasóirí ar saoire.

Dúirt daoine a bhí ann leis na meáin áitiúla gur turasóirí a bhí i go leor díobh siúd a bhí istigh san fhoirgneamh – an Medusa Beach Club, bialann cois trá ar Shráid Cartago – tráth na tubaiste.

Turasóirí a bhí i go leor díobh siúd a bhí istigh san fhoirgneamh – an Medusa Beach Club, bialann cois trá ar Shráid Cartago
Turasóirí a bhí i go leor díobh siúd a bhí istigh san fhoirgneamh – an Medusa Beach Club, bialann cois trá ar Shráid Cartago

Tharla an eachtra thart ar 8:30pm am áitiúil (7:30 in aimsir na hÉireann) agus bhí roinnt daoine fós gafa istigh go déanach aréir.

Is í Bealtaine tús an tséasúir ghnóthaigh turasóireachta sa cheantar.

Gortaíodh seachtar ‘an-tromchúiseach’ agus gortaíodh naonúr go dona, a dúirt na seirbhísí éigeandála.

Tugadh go hospidéil éagsúla i Palma iad.

Ní raibh aon eolas ar fáil, go luath maidin Dé hAoine, faoi cé acu an oibrithe bialainne, daoine áitiúla nó daoine ar saoire ó thar lear na daoine a fuair bás nó a gortaíodh.

Dúirt Príomh-aire na Spáinne Pedro Sanchez: ‘Táim ag leanúint go dlúth le hiarmhairtí na tubaiste uafásach a tharla ar thrá Palma.’

Dúirt an tUasal Sanchez gur labhair sé le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha agus go bhfuil an rialtas réidh chun cabhrú ‘leis na modhanna agus na trúpaí go léir atá riachtanach’.

Gortaíodh seachtar ‘an-tromchúiseach’ agus gortaíodh naonúr go dona, a dúirt na seirbhísí éigeandála i Mallorca
Gortaíodh seachtar ‘an-tromchúiseach’ agus gortaíodh naonúr go dona, a dúirt na seirbhísí éigeandála i Mallorca

Tá Mallorca ar cheann de na hOileáin Bhailéaracha sa Spáinn, a mheallann a n-uiscí agus a tránna níos mó turasóirí ná gach réigiún Spáinneach i ndiaidh na Catalóine.

Thug níos mó ná 14 milliún turasóir cuairt ar na hoileáin anuraidh, de réir figiúirí oifigiúla.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram