Creidtear go raibh an bhruitíneach (measles) ar thriúr – chomh maith leis an bhfear a fuair bás

14/02/2024

Tá eagla ar údaráis sláinte go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine a bhfuil an bhruitíneach orthu mar nach bhfuil an jab MMR faighte ag go leor daoine.

Creideann na húdaráis Sláinte go raibh an bhruitíneach ag triúr eile an tseachtain seo caite – chomh maith leis an bhfear a fuair bás den ghalar.

D’eisigh an Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (Health Protection Surveillance Centre, HPSC) na figiúirí Dé Céadaoin agus tá eagla ar shaineolaithe sláinte go bhfaighidh níos mó daoine an bhruitíneach in Éirinn mar nach bhfuil a dhóthain daoine ionaclaithe (inoculated) ina coinne.

Is féidir leis an bhruitíneach dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith ach is coitianta é i leanaí.
Is féidir leis an bhruitíneach dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith ach is coitianta é i leanaí.

Chomh maith leis sin tá méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil an bhruitíneach orthu ar fud na hEorpa agus sa Bhreatain.

Bhí an fear a fuair bás den bhruitíneach in Éirinn tar éis filleadh ón West Midlands i Sasana. Ba é an chéad bhás in Éirinn le 20 bliain.

Is galar an-tógálach (infectious) é an bhruitíneach.

Scaipeann sé go héasca nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe (infected person) ag análú (breathing), ag casachtach nó ag sraothartach (sneezing).

Is féidir é a bheith ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha agus bás.

Is féidir leis an bhruitíneach dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith ach is coitianta é i leanaí.

Tosaíonn sé cosúil le slaghdán (cough) agus forbraíonn sé thart ar dheich lá tar éis do dhuine a bheith ionfhabhtaithe.

Cúpla lá ina dhiaidh sin faigheann siad gríos (rash) agus mairfidh sé idir seacht agus deich lá.

Bearta chun leathadh na bruitíní a chosc má
cheapann tú go bhfuil an bhruitíneach agat:

  • Ná téigh go dtí an obair, scoil nó naíolann.
  • Fan sa bhaile agus cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh. Abair leis an dochtúir nó leis an altra go gceapann tú go bhféadfadh an bhruitíneach a bheith ort.
  • Cuir stop le cuairteoirí teacht go dtí an teach chun leathadh na bruitíní a chosc.
  • Ba chóir do mhná torracha comhairle leighis a lorg a luaithe is féidir.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram