D’fhéadfadh na mílte réadmhaoin fholamh tráchtála cuidiú le réiteach a fháil ar an ngéarchéim tithíochta – ach ar dtús caithfear roinnt fadhbanna a bhaineann le pleanáil agus costais a réiteach.
Níl de dhíth orthu ach an tacaíocht cheart agus an toilteanas chun iad a úsáid mar thithe, tá sé léirithe ag tuarascáil nua.
Tá 60,000 duine ag fanacht ar thithíocht shóisialta agus an líon is mó daoine gan dídean i lóistín éigeandála, dar le Clann Shíomóin (Simon Community).
Agus deir sé go ndíríonn polaiteoirí agus an pobal níos mó airde ar aonaid fholmha (empty units) mar dheis nach mbaintear leas astu chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach.
Díríonn a dtuarascáil nua ar na mílte aonad folamh atá os cionn siopaí áitiúla, agus deir siad gurb iad na fadhbanna a bhaineann le húsáid a bhaint astu ná rialacha casta pleanála agus costais.
Déanann an tuarascáil, a cuireadh le chéile i gcomhpháirt le DCU, cur síos orthu mar ‘aonaid an-chasta le hathúsáid’ mar go dteastaíonn i bhfad níos mó eagrúcháin phleanála uathu ná mar a bhíonn leis na haonaid eile.
Dúirt urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin, áfach, gurb é ‘one-stop-shop’ an réiteach ar na fadhbanna sin.
Chabhródh siad le daoine cead a fháil úsáid an aonaid a athrú, agus an teastas sábháilteachta a theastaíonn uathu a fháil go tapa.
Dúirt sé: ‘Má tá siopa agat agus os a chionn go bhfuil sé folamh agus gur mhaith leat é a thabhairt ar ais in úsáid, is é an chéad rud atá le déanamh agat ná cead pleanála “athrú úsáide” a fháil.
‘Caithfidh tú freisin déileáil le ceisteanna míchumais (disability) agus rialacháin dóiteáin (fíre regulations) srl. Is próiseas costasach é sin agus tógann sé tamall fada. Ní mór rud ar a dtugtar “one-stop-shop” a bheith ann.
Ar an mbealach sin is féidir leat dul isteach san údarás áitiúil agus gach teastas a theastaíonn uait, agus an t-athrú úsáide, a fháil ar bhealach tapa agus inacmhainne.
‘Is é an dara rud, na costais athchóirithe (refurbishing costs),’ a dúirt sé.
‘Tá scéimeanna ann cheana féin. Mar shampla, tá scéim deisiúcháin agus léasaithe (repair and lease scheme) ag an Rialtas – más mian leat aonad a ligean ar léas le haghaidh tithíocht shóisialta, tabharfaidh siad íocaíocht roimh ré duit, suas le €40,000.
‘Féadfaidh sé sin dul i dtreo na gcostas athchóirithe,’ a dúirt an Teachta Ó Broin.
Dúirt sé freisin: ‘Is í an fhíorcheist ná deireadh a chur leis na bacainní a chuirfeadh ar dhaoine a bheith in ann aonaid a úsáid, cibé acu le haghaidh tithíochta sóisialta, le ligean ar cíos nó le díol.
‘Is é “one-stop-shop” agus leasuithe den chineál sin ar phleanáil agus ar theastais an freagra.’
D’iarr Gobharnóir an Bhainc Ceannais Gabriel Makhlouf go gcuirfí dlús leis an bpróiseas pleanála chun cabhrú leis na mílte teach a bhfuil géarghá leo a fháil.
Mar sin féin, i gcás aonaid fholmha os cionn siopaí, d’fhéadfadh nach mbeadh ciall airgeadais ag baint leis mar gheall ar na costais agus na freagrachtaí breise d’úinéirí.
Dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Tithíochta: ‘Tá síneadh curtha go dtí 2025 le rialacháin phleanála, a tugadh isteach in 2018, a thug díolúine d’áitribh fholmha áirithe, lena n-áirítear spásanna de chineál “os cionn an tsiopa”, ó chead pleanála a éileamh chun athrú go críocha cónaithe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.