Masla ar ‘mural’ Monsignor O’Flaherty ó Chiarraí, a shábháil 6,500 Giúdach ó Hitler

27/04/2024

Masla déanta don Monsignor Hugh O’Flaherty, an sagart ó Chiarraí a shábháil 6,500 Giúdach, agus a léirigh Gregory Peck é sa scannán Hollywood dá scéal

Milleadh  múrmhaisiú (mural) den Éireannach, Monsignor Hugh O’Flaherty a shábháil na mílte beatha sa Róimh ó na Naitsithe.

Chabhraigh O’Flaherty, a d’fhás aníos i gCill Airne, le saolta breis agus 6,500 Giúdach agus saighdiúir de chuid na gComhghuaillithe (Allied soldiers) a shábháil le linn an Dara Cogadh Domhanda.

Agus tá múrmhaisiú (mural) ina onóir ar Bhóthar Matt Talbot i dTrá Lí.

Mar sin féin, loit duine éigean an múrmhaisiú le croiméal (moustache) scuab fiacla, cosúil leis an gceann a bhí ag Hitler, ar aghaidh Monsignor O’Flaherty.

Agus scríobh siad na focail ‘Hitler this’ ann.

Cháin ealaíontóir an mhúrmhaisiú, Mary J Leen, an loitiméireacht.

Dúirt sí: ‘Bhí an-díomá orm a fheiceáil go ndearnadh loitiméireacht ar mo mhúrmhaisiú den Monsignor Hugh O’Flaherty i dTrá Lí le déanaí.

Hugh OFlaherty 2

‘Braithim go háirithe faoi bhrón do theaghlach Monsignor O’Flaherty.

‘Níl sé tuillte acu é seo a fheiceáil faoin laoch cogaidh seo, fear cróga Ciarraíoch a shábháil na mílte duine ó na Naitsithe le linn an chogaidh.

‘Go híorónta, tá sé an-mhícheart é a chur i gcomparáid le Hitler.

‘Péinteáladh an múrmhaisiú seo i 2015 agus  d’úsáid mé séala cosanta (protective seal), agus bhí mé in ann an damáiste a rinneadh a chealú.’

Dúirt sí: ‘Is féinléiriú (self-expression) atá i gceist leis an ealaín, agus tá an ceart ag gach duine a thuairim féin a chur in iúl trína gcuid ealaíne.

‘Níl sé de cheart acu a dtuairim a chur in iúl trí ealaín duine eile, áfach. Nó chun obair ealaíontóra eile a lot.

‘Mar mhúinteoir ealaíne spreagaim scoláirí chun breathnú ar ealaín agus freagairt di.

‘Tá sé sin sláintiúil, agus mar sin táim ag glaoch, le meas, ar an duine a rinne é seo chun deileáil leis an bpictiúr seo ar bhealach sláintiúil agus dínit, trína saothar ealaíne féin a chruthú agus é a thairiscint don phobal.

‘Postálfaidh mé a bhfreagra ar mo leathanach fiú gan ainm.

‘Más féidir le duine a bheith cróga go leor le loitiméireacht a dhéanamh ar shaothar ealaíontóra eile, spreagaim iad a bheith cróga go leor chun a saothar ealaíne féin a dhéanamh mar fhreagra agus is féidir linn plé poiblí a bheith againn faoi.’

Cháin Comhairleoir Shinn Féin Cathal Foley an loitiméireacht freisin, ag rá le haon duine a chonaic é, glaoch a chur ar Ghardaí agus ag rá gur ‘páistí nach raibh aon rud níos fearr le déanamh’ a rinne an loitiméireacht.

‘Déanfar é seo a cheartú go luath, agus féach, má fheiceann éinne duine ag an múrmhaisiú seo, d’iarrfainn orthu glaoch a chur ar na Gardaí,’ a dúirt an Comhairleoir Foley le Radio Kerry.

‘Tá stáisiún na nGardaí an-ghar don cheantar agus má fheiceann daoine rudaí mar seo ba chóir dóibh dul i dteagmháil leis na Gardaí.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram