Rabhadh! Faoi ‘measles’ do phaisinéirí a d’eitil isteach i mBaile Átha Cliath

Deimhníodh go bhfuil an bhruitíneach (measles) ag paisinéir ar eitilt isteach i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn agus moltar do dhaoine eile a bhí ar an eitilt teagmháil a dhéanamh le HSELive.

Tá an tríú cás den bhruitíneach (measles) deimhnithe in Éirinn agus tá rabhadh (warning) tugtha do roinnt paisinéirí a thaistil leis an duine ar eitilt (flight) dul i dteagmháil leis an HSE.

D’eitil an duine go hAerfort Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn agus fuarthas amach ó shin go bhfuil an bhruitíneach orthu agus go bhféadfadh go raibh daoine eile ionfhabhtaithe acu ar an eitilt.

Ba cheart teagmháil a dhéanamh le HSELive ag 1800 700 700; nó 00 353 1 2408787 lasmuigh d’Éirinn
Ba cheart teagmháil a dhéanamh le HSELive ag 1800 700 700; nó 00 353 1 2408787 lasmuigh d’Éirinn

An eitilt atá i gceist ná an eitilt Etihad Airways EY45 ó Abú Dhabi go Baile Átha Cliath, a tháinig isteach Dé Sathairn, 9 Márta, ag 6.30am.

Ba cheart do phaisinéirí teagmháil a dhéanamh le HSELive go práinneach ag 1800 700 700; nó 00 353 1 2408787 má tá siad ag glaoch ó lasmuigh d’Éirinn.

Dúirt an HSE go mbaineann an rabhadh go háirithe le haon phaisinéir atá ag iompar clainne, atá faoi imdhíon-lagaithe (immunocompromised) nó faoi 12 mhí d’aois.

Is é seo an tríú cás den bhruitíneach atá le deimhniú anseo i mbliana. Bhain an chéad cheann le fear ina 40idí san Iarmhí (Westmeath) a fuair bás. Bhain an dara cás le déagóir as iarthar na hÉireann.

Is galar an-tógálach (infectious) é an bhruitíneach.

Scaipeann sé go héasca nuair a bhíonn duine ionfhabhtaithe (infected person) ag análú (breathing), ag casachtach nó ag sraothartach (sneezing).

Is féidir é a bheith ina chúis le deacrachtaí tromchúiseacha agus bás.

Is féidir leis an bhruitíneach dul i bhfeidhm ar dhuine ar bith ach is coitianta é i leanaí.

Tosaíonn sé cosúil le slaghdán (cough) agus forbraíonn sé thart ar dheich lá tar éis do dhuine a bheith ionfhabhtaithe.

Cúpla lá ina dhiaidh sin faigheann siad gríos (rash) agus mairfidh sé idir seacht agus deich lá.

Tá an tríú cás den bhruitíneach (measles) deimhnithe in Éirinn
Tá an tríú cás den bhruitíneach (measles) deimhnithe in Éirinn

Bearta chun leathadh na bruitíní a chosc má
cheapann tú go bhfuil an bhruitíneach agat:

  • Ná téigh go dtí an obair, scoil nó naíolann.
  • Fan sa bhaile agus cuir glaoch ar do dhochtúir teaghlaigh. Abair leis an dochtúir nó leis an altra go gceapann tú go bhféadfadh an bhruitíneach a bheith ort.
  • Cuir stop le cuairteoirí teacht go dtí an teach chun leathadh na bruitíní a chosc.
  • Ba chóir do mhná torracha comhairle leighis a lorg a luaithe is féidir.

Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram