Tá fear sna daichidí básaithe tar éis dó an bhruitíneach (measles) a ghlacadh sa Bhreatain

08/02/2024

Tá an líon cásanna den bhruitíneach (measles) ag ardú in Éirinn, a dúirt an HSE

Fuair fear sna daichidí bás tar éis dó an bhruitíneach (measles) a fháil, an chéad chás dá leithéid in Éirinn i mbliana.

Creidtear gur thaistil an fear, arb as ceantar na hIarmhí (Westmeath) dó, go réigiún Birmingham sa Bhreatain le déanaí, de réir an Irish Independent.

Tá ráigeanna (outbreak) sa cheantar sin agus diagnóisíodh an fear tar éis dó teacht chuig ospidéal i Lár na Tíre nuair a d’fhill sé ar Éirinn.

I measc na gcomharthaí (symptoms) don bhruitíneach (measles)  tá fiabhras ard (fever), casacht, srón rite agus gríos (rash)
I measc na gcomharthaí (symptoms) don bhruitíneach (measles)  tá fiabhras ard (fever), casacht, srón rite agus gríos (rash)

Arna cheistiú ag an Irish Independent aréir, d’eisigh an HSE ráiteas ag rá go bhfuil fógra tugtha don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte (HSE Health Protection Surveillance Centre) faoi bhás ‘duine fásta’ a raibh an bhruitíneach (measles) deimhnithe air.

Is é seo an chéad chás dearbhaithe den bhruitíneach a fógraíodh in Éirinn in 2024.

Dúradh go bhfuil foirne sláinte phoiblí an HSE (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte), mar aon le Foireann Bainistíochta Teagmhais Náisiúnta na Bruitíneach (Measles National Incident Management Team, IMT) ag déanamh gach iarracht maidir le sláinte poiblí leis an gcás.

Bunaíodh IMT mar fhreagra ar ardú le déanaí i gcásanna bruitíní sa Bhreatain agus san Eoraip. Tá an bhruitíneach an-tógálach.

Tuigtear go bhfuil dochtúirí ospidéil agus dochtúirí teaghlaigh curtha ar an eolas faoin gcás.

San Eoraip, tá méadú ag teacht ar líon na gcásanna den bhruitíneach ó thús na bliana seo caite.

Diagnóisíodh breis agus 170 cás den bhruitíneach i Sasana i réigiún an Iarthair Láir (West Midlands) amháin, idir mí na Nollag 2023 agus lár mhí Eanáir 2024.

Anseo in Éirinn, leanann cásanna den bhruitíneach ó am go chéile a thuairisciú don HSE.

Ó 2020 i leith, tharla formhór na gcásanna a deimhníodh tar éis taisteal chuig tíortha ina raibh ráigeanna ar siúl.

Tá glacadh na vacsaíne MMR faoi bhun sprioc molta (below the recommended target) na hEagraíochta Domhanda Sláinte (World Health Organisation, WHO), de 95%.

Chun an bhruitíneach  (measles) a stopadh ó leathadh (spreading), ba chóir a chinntiú go bhfuil an vacsaín MMR is déanaí ag leanaí, a chosnaíonn (prevents) ar leicneach (mumps) agus ar bhruitíneach dhearg (rubella, red measles) freisin.

I measc na gcomharthaí (symptoms) don bhruitíneach tá fiabhras ard (fever), casacht, srón rite agus gríos (rash).

Moltar d’aon duine a fhaigheann na comharthaí sin, nó a bhí i dteagmháil le duine ar a bhfuil an bhruitíneach, fanacht sa bhaile agus dul i dteagmháil lena ndochtúir.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram