Tá sé deimhnithe ag an Taoiseach Leo Varadkar go bhfuil sé aontaithe ag an Rialtas maoiniú eatramhach (interim funding) a chuir ar fáil do RTÉ don chuid eile de 2023 agus 2024.
Gheobhaidh RTÉ €56 milliún i maoiniú eatramhach i mbliana agus an bhliain seo chugainn, €16 milliún i mbliana agus €40 milliún an bhliain seo chugainn.
Ach dúirt sé go mbeidh sé sin faoi réir coinníollacha.
Tá cuid den airgead ag teastáil mar go bhfuil an oiread sin daoine ag diúltú an táille ceadúnais a íoc ó tharla scannal na n-íocaíochtaí ag RTÉ.
Tá sé tuartha ag an Rialtas go gcosnóidh laghdú ar ioncam ó tháillí ceadúnais €21 milliún ar RTÉ i mbliana agus €40 milliún an bhliain seo chugainn má leanann sé ar aghaidh.
Is é sin €61 milliún, agus tá sé €5 milliún níos mó ná an méid atá an Rialtas ag tabhairt do RTÉ thar an tréimhse ama sin mar mhaoiniú eatramhach.
Ag labhairt dó ag preasagallamh i mBaile Átha Cliath, dúirt an tUasal Varadkar go bhfuil an plean atá ann anois, ‘ag RTÉ do RTÉ’.
Dúirt sé nach plean an Rialtais é agus nach bhfuil cead an Rialtais ag teastáil uaidh.
Tagann an deimhniú tar éis don chraoltóir náisiúnta a thabhairt le fios go bhfuil siad ag iarraidh ar 400 ball foirne imeacht thar an dá bhliain atá romhainn, tríd an bplean deonach atá acu.
Dúirt an tUasal Varadkar: ‘Is plean de chuid RTÉ é an plean straitéiseach, scríofa ag bainistíocht RTÉ agus a mbord, ní plean é a dteastaíonn cead an Rialtais uaidh.’
‘Is plean é ag RTÉ do RTÉ,’ a dúirt sé. ‘Ó thaobh cheist an mhaoinithe eatramhaigh de, chinn an Rialtas go mbeidh maoiniú eatramhach ar fáil do RTÉ i mbliana agus an bhliain seo chugainn freisin, ach go mbeidh sé faoi réir coinníollacha áirithe agus garspriocanna áirithe á mbaint amach agus leasuithe áirithe á gcur i bhfeidhm.’
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar freisin gur thuig sé go ndéanfaí iomarcaíochtaí (redundancies) in RTÉ a chéimniú thar roinnt blianta.
Tá sé mar aidhm ag RTÉ freisin costais oibriúcháin a laghdú de thart ar €10 milliún an bhliain seo chugainn.
Tá roinnt seirbhísí le laghdú agus beidh níos mó léiriúcháin (production) i gCorcaigh agus i réigiúin eile sna blianta amach romhainn.
Biedh níos mó ábhar le cruthú ag an earnáil neamhspleách agus d’fhéadfaí deireadh a chur le seirbhísí ar nós RTÉ Radio 1 Extra, RTÉ Pulse agus RTÉ 2XM.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.