Tá sé ráite ag an iarphaiteolaí Stáit (former State pathologist), an Dr Marie Cassidy, nach féidir cosc a chur ar chásanna ‘fánach (random)’ banmharú mar Ashling Murphy.
Chuir an Dr Cassidy síos ar dhúnmharú an mhúinteora, a bhí 23 bliain d’aois, mar rud ‘chomh fánach (so random)’ agus dúirt nach bhfuil a fhios aici conas is féidir cosc a chur ar chásanna den chineál sin gan choinne.
Dúirt Femicide Watch, atá á reáchtáil ag Women’s Aid, gur maraíodh 18 bean go foréigneach in Éirinn ó dúnmharaíodh Ashling Murphy.
Tá leabhar nua scríofa ag an Dr Cassidy agus dúirt sí: ‘Ceann de na fórsaí tiomána nuair a bhí mo leabhar á scríobh agam ná go raibh banmharú (femicide) i gcroílár an leabhair.
‘Is rud é atá ag fáil go leor poiblíochta mar gheall ar Ashling.’
Ag labhairt di faoi dhúnmharú Ashling Murphy, dúirt an Dr Cassidy: ‘Cúinsí ar leith a bhí ann ina cás, thar a bheith uafásach.
‘Níl a fhios agam an léiríonn sé an foréigean a fheicimid in aghaidh na mban agus a tháinig trasna air ach tá sé ar cheann de na cásanna is deacra mar conas a chuireann tú cosc ar rud éigin mar sin tarlú?
‘Níl a fhios agam conas is féidir leat é sin a dhéanamh.’
In agallamh Dé Domhnaigh le Brendan O’Connor ar RTÉ Raidió 1, phléigh an Dr Cassidy – paiteolaí Stáit ó 2004 go 2018 – a gairm bheatha agus úrscéal coireachta (crime novel) nua, Body Of Truth.
Dúirt an t-iarphaiteolaí: ‘Má fhéachann tú air [Jozef Puska], agus níl a fhios agam aon rud faoina chúlra – b’fhéidir go bhfeicfeá roinnt comharthaí faoi rud éigin cibé rud a bhí ar siúl aige, ach an rud a bhí I gceist anseo ná ionsaí fánach.
‘Bhí sí san áit mícheart ag an am mícheart. Bhí sé uafásach,’ a dúirt an Dr Cassidy.
Tá imní faoi shábháilteacht na mban agus na gcailíní ag méadú ó maraíodh Ms Murphy.
Míonna tar éis dhúnmharú Ms Murphy, sheol an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee straitéis neamhfhulaingt (zero-tolerance) ar fhoréigean inscne agus dúirt sí go bhfuil athrú meoin ag taisteáil.
Dúirt sí: ‘Mar atá feicthe againn arís agus arís eile, le blianta beaga anuas, na grúpaí WhatsApp, teachtaireachtaí a roinnt, teagmháil mhíchuí agus iompar… caithfimid go léir tosú ag labhairt amach faoi agus gan a bheith ag gáire faoi.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.