Ar an teilifís anocht: Na bréaga a chiontaigh marfóir Ashling

03/12/2023

Tabharfaidh an clár sonraí faoi ghabháil agus ciontú Josef Puska as marú an mhúinteora Ashling Murphy

Leagfar amach i gclár faisnéise teilifíse, faoi chás dúnmharaithe Ashling Murphy, an bealach inar ciontaíodh an marfóir Josef Puska.

Tabharfaidh sé freisin sonraí ar a admháil agus an bealach a bhí sé gafa lena bréaga féin.

Fuarthas Puska ciontach i ndúnmharú Ashling i dTulach Mhór (Tullamore)  ar an 9 Samhain agus gearradh príosún saoil air.

Ashling Murphy
Ashling Murphy

Sonraíonn Evil In The Room, a chraolfar oíche Dé Luain ar Virgin Media One, an caint idir gardaí agus Puska in Ospidéal San Séamas, Bhaile Átha Cliath.

Chuaigh sé go dtí an ospidéal le créachta (wounds) an lá tar éis an dúnmharaithe, ag maíomh go ndearnadh ionsaí air i mBaile Bhlainséir (Blanchardstown).

Thuig na gardaí áitiúla, a chuir agallamh ar an dúnmharfóir ar dtús, go raibh ‘go leor fadhbanna’ ina scéal.

Cuireadh glaoch ar Ghardaí ón Tulach Mhór agus tháinig siad chun Pusca a cheistiú níos faide faoi Ashling.

Ní raibh cead acu labhairt leis roimh é sin ó tharla go raibh sé díreach tar éis teacht amach as an obrádlann (theatre).

Ashling Murphy Family 10
Máthair Ashling Murphy, Kathleen, agus a deirfiúr Amy. Pic: Cúirteanna Uí Choileáin

Míníonn tuairisceoir an Irish Mail on Sunday, Nicola Byrne: ‘D’fhiafraigh siad de: “An bhfuil rothar agat?” agus dúirt sé: “Tá rothar agam ach ní raibh sé agam le ceann coicíse.”’

Ach dúirt sé leo gur goideadh é.

‘Nuair a fiafraíodh de, cén chuma a bhí ar a rothar rinne an marfóir cur síos cruinn ar an gceann a fuarthas ag láthair an dúnmharaithe.

Go gairid ina dhiaidh sin, d’fhiafraigh Puska a bhí ina dhúiseacht agus san airdeall (alert), an raibh sé faoi amhras san imscrúdú dúnmharaithe.

Josef Puska
Josef Puska

Dúradh leis gur duine inspéise (interest) é. Ansin d’admhaigh Puska an dúnmharú, ag léiriú aiféala (regret).

Mar sin féin, le linn na trialach d’inis Puska scéal iomlán difriúil.

Evil in the Room, 10.20pm Dé Luain, Virgin Media One


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram