Thosaigh an fear atá cúisithe i marú Ashling Murphy, Jozef Puska, ag tabhairt fianaise sa Phríomh-Chúirt Choiriúil i mBaile Átha Cliath ar Déardaoin.
Tar éis don Chosaint a cás a dhúnadh go foirmiúil, ghlaoigh an t-abhcóide Cosanta Michael Bowman SC Puska chuig clár na mionn (witness box). Cuireadh faoi mhionn (sworn in) é ar an mBíobla le cúnamh ó ateangaire (interpreter).
Chuir an tUasal Bowman ceist ar Puska ar dtús faoina theaghlach agus faoina chúlra. Dúirt Puska, tríd an ateangaire, go raibh sé 33 bliain d’aois agus ó dhúchas as ceantar Poprad sa tSlóvaic.
Dúirt sé gur tháinig sé go hÉirinn in 2013 agus go raibh sé ina chónaí lena theaghlach i Muclach, taobh amuigh den Tulach Mhór in 2022.
D’iarr an tUasal Bowman ansin ar Puska cuntas a thabhairt ar a chuid gluaiseachtaí ar an 12 Eanáir 2022, an lá a bhfuair Ms Murphy bás.
Trí ateangaire, dúirt an tUasal Puska: ‘Ar an 12 Eanáir, d’fhág mé mo theach timpeall leath uair tar éis a haon déag ar mo rothar. Thaisteal mé ó Mhuclach go Tulach Mhór.’
D’iarr an tUasal Bowman ar Puska cuntas a thabhairt ar a chuid gluaiseachtaí le cúnamh léarscáileanna.
Ina fhreagra, d’admhaigh sé go raibh sé in áiteanna a raibh ceamaraí CCTV a ndearnadh tagairt dóibh sa triail.
‘Lean mé bealaí éagsúla. Ní chuimhin liom cén bealach ar a ndeachaigh mé mar bhí mé ag iarraidh teacht ar mo dheartháir.
‘Bhí a fhios agam go ndeachaigh sé lena bhean chéile chuig an bhfiaclóir agus, mar sin, bhí mé ag iarraidh é a fháil i dtreo an ospidéil agus áit ar bith ina raibh carrchlós mór, mar bhí mé ag iarraidh carr mo dhearthár a aimsiú.
‘Sin an fáth a raibh mé in áiteanna áirithe faoi dhó.’
Dúirt Puska nach raibh sé cinnte cén t-am a shroich sé an Tulach Mhór ach dúirt sé go raibh sé b’fhéidir 12.15pm.
Taispeánadh grianghraf de rothar glas agus dubh ‘Falconstorm’ dó agus dúirt gurbh é sin a rothar.
D’fhiafraigh an tUasal Bowman de ar chas sé le bean le madra ar a thuras.
D’fhreagair Puska, tríd an ateangaire: ‘Áit éigin tar éis McDonald’s chonaic mé an bhean seo leis an madra.’
Dúirt an tUasal Bowman gur aithníodh an bhean seo mar Ann Marie Kelly agus gur cheap sí go raibh sé á leanúint.
Dúirt Puska: ‘Ní hea ar chor ar bith, ní raibh sé seo ar intinn agam ar chor ar bith – go raibh mé á leanúint.’
Dúirt an tUasal Bowman gur léirigh píosaí scannáin CCTV go raibh an tUasal Puska taobh thiar di.
Dúirt an tUasal Puska: ‘Is é seo an fhírinne, bhí mé taobh thiar di ach ní raibh aon droch-rún ar bith le sin.
‘Bhí mé ag marcaíocht ar an mbealach céanna, bhí mé ag marcaíocht ar fud an bhaile mhóir. Ní raibh aon rún agam aon duine a leanúint ar chor ar bith.’
Dúirt an tUasal Puska gur lean sé ar aghaidh i dtreo limistéar féir in aice le carrchlós na canála tar éis dó dul thar an mbean leis an madra.
Dúirt sé gur éirigh sé as a rothar, go raibh sé ag brú ar an rothar agus gur las sé toitín.
Cuireadh fianaise an Uasail Puska ar sos ag 4pm nuair a chríochnaigh an chúirt don lá.
Leanann an triail ar aghaidh Dé hAoine.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.