Dúirt cúisí marú Ashling, ‘Níl aithne agam uirthi’, a deirtear sa chúirt

02/11/2023

Dúirt Jozef Puska leis na gardaí nach raibh a fhios aige ‘aon rud’ faoi marú Ashling, de réir fianaise sa chúirt

Dúirt an fear atá cúisithe i ndúnmharú an mhúinteora scoile Ashling Murphy le gardaí nach bhfaca sé riamh í, de réir fianaise sa chúirt.

Dúirt Jozef Puska é sin, nuair a cheistigh bleachtairí é, sé lá tar éis gur cuireadh chun báis Ashling.

‘Níl a fhios agam faoi sin,’ a dúirt an tUasal Puska nuair a fiafraíodh dó an raibh a fhios aige faoi mharú Ashling. Dúirt sé nach raibh aon rud léite aige faoi, a dúirt na gardaí.

Ashling Murphy
Ashling Murphy

‘Breathnaím ar an nuacht ach ní labhraím Béarla, ní thuigim é,’ a dúirt sé.

Is é cás an ionchúisimh (prosecution) gur d’admhaigh an tUasal Puska gur dhúnmharaigh sé Ashling Murphy, agus gur d’admhaigh sé é ceithre lá roimh an agallamh sin agus é i leaba in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath. Deir siad gur dúirt sé: ‘Rinne mé é, dhúnmharaigh mé, is mise an dúnmharfóir.’

Phléadáil Jozef Puska, 33, as Lynally Grove, Muclach, Co. Uíbh Fhailí, neamhchiontach i ndúnmharú Ms Murphy ag Ceapach an Churraigh (Cappancur), Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí ar an 12 Eanáir, 2022.

Dúirt an Bleachtaire-Garda Colin O’Leary le habhcóide an ionchúisimh Kevin White BL gur chuir na Gardaí agallamh ar an Uasal Puska cúig huaire thar dhá lá tar éis a ghabhála ar amhras faoi dhúnmharú Ms Murphy ar an 18 Eanáir anuraidh.

Le linn an dara agallaimh, labhair an tUasal Puska leis an mBleachtaire Garda Padhraic Hanley agus leis an mBleachtaire Sháirsint Maria Cassells.

Dúirt an Garda O’Leary gur dúirt an tUasal Puska: ‘Níl a fhios agam’, nuair a d’fhiafraigh na bleachtairí de an raibh a fhios aige cár dúnmharaíodh Ashling.

Agus nuair a thaispeáin siad grianghraf de Ashling dó,’ d’fhreagair sé: ‘Ní fhaca mé í, níl aithne agam uirthi.’

Thug garda amháin le fios go raibh a sochraid ar siúl an lá sin. ‘Níl a fhios agam faic,’ a d’fhreagair an tUasal Puska.

Dúirt garda leis an Uasal Puska gurbh é seo an ‘seans a bhí aige  rudaí a insint dóibh’. D’fhreagair an tUasal Puska: ‘Níl a fhios agam aon rud.’

Dúirt garda leis: ‘Tá a fhios agat cá raibh tú an lá sin’ agus d’fhiafraigh sé ar bhuail sé riamh le Ashling Murphy, a ‘dúnmharaíodh go brúidiúil’ ar an 12 Eanáir. D’fhreagair an tUasal Puska: ‘Ní fhaca mé riamh í. Ar dtús ar an bpictiúr seo.’

Le linn na trialach dheimhnigh an Bleachtaire-Cheannfort Pat O’Callaghan d’abhcóide cosanta an Uasail Puska, Michael Bowman SC, go bhfuair Oifig Preasa an Gharda ríomhphost an lá sular gabhadh an tUasal Puska ó dhuine ag rá, ‘Is mise an duine atá freagrach as dúnmharú Ashling. Bhí mé i dTulach Mhór an tráthnóna sin agus tá culaith spóirt dhubh agam. Tá an-brón orm.’

Fuarthas an ríomhphost ag 10.44pm agus cuireadh ar aghaidh é chuig an seomra teagmhais i dTulach Mhór.

Dúirt an Bleachtaire-Cheannfort O’Callaghan gur aithin na gardaí cá as ar tháinig an ríomhphost agus gur labhair siad leis an duine lenar bhain an cuntas ríomhphoist.

Thug an duine le fios gur fhulaing sé fadhbanna meabhairshláinte, go n-ólann sé an iomarca agus nach bhfuil mórán cuimhne aige ar a ndéanann sé agus é ar meisce.

Taispeánadh an ríomhphost dó ach dúirt sé nár chuimhin leis é a sheoladh, go gcaithfidh go raibh sé ar meisce agus gabh sé leithscéal.

Dúirt an Bleachtaire-Cheannfort O’Callaghan le Anne-Marie Lawlor SC, don ionchúiseamh, go bhfuil ‘saincheisteanna suntasacha meabhairshláinte’ ag an bhfear a bhí i gceist agus nuair a fiafraíodh dó cén fáth ar mhaígh sé gur dhúnmharaigh sé Ashling, dúirt sé go raibh sé ‘tinn’.

Dúirt sé le bleachtairí: ‘Tá brón orm, níor cheart dom a bheith ar an idirlíon tar éis dom a bheith ag ól, níor dhúnmharaigh mé í, níl mé in ann, tá brón orm.’

Dheimhnigh an Bleachtaire-Cheannfort O’Callaghan go ndearna na Gardaí tuilleadh fiosrúcháin ar an ábhar agus go raibh siad sásta nach raibh ‘aon bhaint ag an bhfear’ leis an méid a tharla do Ms Murphy.

Leanann an triail ar aghaidh os comhair an Bhreithimh Tony Hunt agus giúiré de naonúr fear agus triúr ban.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram