Cath cúirte le haghaidh teach agus talamh feirmeoir a fuair bás i tragóid ‘Creeslough’

Tá tús curtha le cath cúirte maidir le heastát duine d’íospartaigh thragóid an Chraoslaigh (Creeslough).

Bhí an feirmeoir Hugh Kelly, 59 bliain d’aois, ar dhuine de dheichniúr a chaill a mbeatha sa phléasc ag stáisiún peitril sa tsráidbhaile I gCo Dhún na nGall ar an 7 Deireadh Fómhair seo caite.

Anois tá achrann idir nia an Uasail Kelly agus páirtí an Uasail Kelly maidir lena theach agus an talamh a bhí ina sheilbh aige, ag Oileán an Easpaig, An Caisleán Dubh, Craoslach.

Hugh Kelly
Hugh Kelly

Chualathas i gcáipéisí a léadh amach ag Cúirt Chuarda Leitir Ceanainn (Letterkenny Circuit Court) go ndúirt páirtnéir an Uasail Kelly nach maireann, Linda Gallagher, gurb í tairbhí (beneficiary) na huachta agus an tiomna deiridh (last will and testament), dar dáta 30 Samhain, 2006.

Tá urghaire idirbhreitheach (interlocutory injunction) á lorg ag Ms Gallagher i gcoinne nia an fheirmeora a fuair bás go tragóideach.

Maíonn an nia, an tUasal Josie Kelly, áfach, go bhfuil an réadmhaoin (property) á áitiú go mídhleathach aici.

Chualathas ag éisteacht sa chúirt os comhair an Bhreithimh John Aylmer mar a dúirt Ms Gallagher gur chuaigh sí chuig an réadmhaoin ar an 15 Deireadh Fómhair 2022, díreach seachtain tar éis dá páirtí a bheith maraithe.

Fuair sí amach gur tháinig Josie Kelly isteach go mícheart agus go mídhleathach agus gur athraigh sí na glais, chuala an chúirt.

SCÉAL EILE: ‘Eloquent’ agus ‘humble’: Is fíor
laoch í Amber d’Éireann, fiú mura bhfaigheann sí cúl

Glaodh ar glasadóir (locksmith) agus chualathas guth Josie Kelly taobh istigh den réadmhaoin, ach ní raibh an glasadóir in ann dul isteach.

Líomhain abhcóide Ms Gallagher, Gareth McGrory, go ndearna Josie Kelly treaspás go neamhdhleathach agus go héagórach agus go bhfuair sé rochtain ar an teach cónaithe.

Creesough scene6

Líomhnaíodh freisin gur chuir sé glas ar na geataí agus gur chuir sé asal ar na tailte fad is a bhí Ms Gallagher i Meiriceá i dtreo dheireadh mhí Dheireadh Fómhair.

SCÉAL EILE: Chraol TG4 a gclár ar phléasc i gChraoslach
in ainneoin pléadálacha na dteaghlach agus an Taoiseach

Cláraíodh an réadmhaoin in ainm Hugh Kelly a bhí ina chónaí sa teach ar feadh a shaoil. Ba é a mháthair Sally Kelly, nach maireann, a thug an teach dó.

Tá Ms Gallagher ag lorg urghaire (injunction) chun Josie Kelly nó a gníomhairí a shrianadh ó treaspás ar an talamh nó úsáid a bhaint aisti gan a cead.

Tá sí ag iarraidh go ndéanfaí aon damáiste a rinneadh tar éis an treaspás  mhídhleathaigh a líomhnaítear a dheisiú, chuala an chúirt.

Dúirt an tUasal McGrory go raibh an tUasal Gallagher, arbh as Indiana ó dhúchas di sna Stáit Aontaithe, i gcaidreamh grámhar le Hugh Kelly, nach maireann.

Choinnigh an bheirt acu i dtithe ar leith ach bhí roinnt pictiúr de Ms Gallagher i dteach Hugh Kelly.

Dúradh sa chúirt go raibh Ms Gallagher trína chéile tar éis bás tobann an Uasail Kelly agus bás naonúr eile chomh maith le ‘ pian agus brón’ a fhulaingt i ndiaidh na heachtra.

SCÉAL EILE: BRÓD ionainn féin: SSE Airtricity agus League of Ireland
ag cur branda LGBT Ireland chun cinn an deireadh seachtaine seo

Dúirt Josie Kelly, a ndearna an t-abhcóide John McCoy ionadaíocht air, gur mhian lena sheanathair nach maireann go bhfanfadh an réadmhaoin i dteaghlach Kelly. Dúirt sé go raibh os cionn €100,000 infheistithe aige ar fheabhsúcháin ar an réadmhaoin.

Bhí barraí féir agus sadhlais (silage) eagraithe aige ar an talamh feirme freisin.

Dúirt sé go raibh cónaí air sa réadmhaoin ó 1984, seachas blianta a phósta go dtí 2018, agus go raibh sé ina chónaí ar an réadmhaoin ó shin.

Mhaígh sé nach raibh aon chuid de shealúchais (possessions) Ms Gallagher sa teach agus go raibh eochair agus rochtain aige ar an teach i gcónaí.

‘Is é an réadmhaoin  mo theach,’ ar seisean.

Creeslough ALL feature 768x448 1
An deichniúr a fuair bás sa tragóid

D’fhiafraigh an Breitheamh John Aylmer cén fáth nár thaispeáin Josie Kelly aon rud mar thaca lena fhianaise.

Dúirt sé ‘the absence is striking’, ag tabhairt faoi deara go raibh sé ag súil le fianaise a fheiceáil go bhfuil Josie Kelly ina chónaí sa teach ó 2018 agus gur caith sé €100,000 ar an áit.

SCÉAL EILE: Labhraíonn Leo ar son buachaill
a ionsaíodh go brúidiúil ‘mar go bhfuil sé difriúil’

Dúirt an tUasal McCoy go dtabharfadh sé an t-ábhar ar ais chuig a chliant le haghaidh tuilleadh treorach agus dúirt sé go raibh ‘imeachtaí comhthreomhara (‘parallel proceedings)’ os comhair na hArd-Chúirte.

Dúirt an Breitheamh Aylmer go raibh sé ag tabhairt deis ghairid don chosantóir fianaise a chur os comhair na cúirte.

Cuireadh an t-ábhar ar atráth go dtí suí cúirte amach anseo.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram