Chraol TG4 a gclár ar phléasc i gChraoslach in ainneoin pléadálacha na dteaghlach agus an Taoiseach

10/02/2023

Chraol TG4 a gclár faisnéise ar phléasc i gCraoslach (Creeslough), cé go raibh baill de theaghlaigh na n-íospartach i ndeor agus iad ag iarraidh orthu gan é a thaispeáint go fóill.

Mhol an Taoiseach Leo Varadkar agus polaiteoirí ó gach páirtí gur cheart don chainéal teilifíse éisteacht leis na teaghlaigh.

creesLeona Harper 1
Leona Harper

Díríonn an clár faisnéise, dar teideal Iniúchadh TG4 – An Craoslach, ar iarrachtaí tarrthála mhuintir na háite i sráidbhaile Dhún na nGall. Bhásaigh deichniúr sa phléasc,

Phléadáil teaghlaigh beirt den deichniúr íospartaigh leo gan é a thaispeáint, agus tugadh tacaíocht fhorleathan an phobail dóibh.

Phléadáil athair Leona Harper ar TG4 craoladh an chláir faoin tragóid a chur siar. Dúirt sé go raibh sé ‘i bhfad ró-luath’ agus ‘i bhfad ró-amh’.

 Dúirt sé go bhfuil ceithre mhí i bhfad ró-luath tar éis na tragóide.

croislShauna Flanagan Garwe
Shauna Flanagan Garwe

Ag labhairt dó le Joe Duffy ar Liveline ar RTÉ Raidió 1 Dé Céadaoin, dúirt sé: ‘Bhí mo bhean chéile, Donna, ag an áit nóiméad tar éis an phléasctha, lenár mbeirt bhuachaillí.’

Dúirt sé: Níl mé ag iarraidh dúiseacht maidin amárach, nó mo bhean chéile dul isteach i siopa, nó mo pháistí dul isteach sa scoil, agus íomhánna a scaipeadh nach bhfuil feicthe againn.’

Fuair páirtí Áine Flanagan, Robert Garwe, agus a iníon, Shauna Flanagan Garwe, bás le linn an phléasctha freisin.

croisluchRobert Garwe
Robert Garwe

Dúirt deartháir Ms Flanagan, Killian Flanagan, le Liveline ar RTÉ Raidió 1, Dé Máirt, go raibh teagmháil déanta aige le TG4 agus leis na Gardaí chun a iarraidh nach ndéanfaí an clár a chraoladh fad is atá fiosrúchán ar siúl ag na Gardaí.

Dúirt sé nár chuathas i gcomhairle leis an teaghlach faoin gclár, dar teideal ‘Iniúchadh TG4 – An Craoslach’, ach go bhfuair a dheirfiúr amach faoi ó alt ar líne ag an Donegal Daily, agus ‘nár chodail’ sí i a dhiadh sin dá bharr.

Dúirt sé go bhfuil imscrúdú ilghníomhaireachta ar siúl agus go bhfuil Ms Flanagan ag lorg freagraí faoinar tharla agus cén fáth ar tharla sé.

Creeslough ALL feature 768x448 1
Na deich n-íospartach de phléasc i Creeslough: Leona Harper, 14, Robert Garwe, 50, Shauna Flanagan Garwe, five, Jessica Gallagher, 24, and James O’Flaherty, 48. Agus Martina Martin, 49, Hugh Kelly, 59, Catherine O’Donnell, 39, a mhac James Monaghan 13, agus Martin McGill, 49

Aontaigh sé gur laochra iad an pobal agus na hoibrithe tarrthála a bhí páirteach sa chlár faisnéise. Ach dúirt sé: ‘Cuirfear iallach ar Áine agus daoine eile breathnú ar chlár faisnéise uair an chloig ag tabhairt cuairt arís ar an gcaibidil is measa dá shaol dá bhfuil ann, agus rudaí a fheiceáil agus a chloisteáil don chéad uair, agus níl sé sin ceart.’

Ag labhairt dó thar ceann a dheirfiúr, dúirt sé go bhfuil sí trína chéile faoin méid a bheidh le feiceáil agus le cloisteáil aici ar a gclár.

‘Ní ceart gurb é seo an chéad léiriú ar an méid a tharla,’ a dúirt sé.

‘Cén fáth a gcuirfidís riachtanais an táblóideachas (sensationalism) chun tosaigh ar riachtanais theaghlaigh na n-íospartach, ní thuigim é.’

Creeslough 3 768x448 2

Dúirt sé freisin, nuair a bheidh imscrúdú na nGardaí críochnaithe, go gcuirfear freagraí ar fáil agus gur féidir le daoine é sin a phróiseáil ar bhealach éigin agus gurb é sin an t-am cuí chun ceiliúradh a dhéanamh ar an méid a rinne na tarrthóirí a bhí ar na chéad daoine a tháinig chun cabhrú; ní ag am a bhfuil teaghlaigh ag iarraidh bogadh ar aghaidh.

Ag labhairt di ar an gclár Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta inné, dúirt aintín le hÁine Flanagan go raibh sé róluath an clár a thaispeáint.

Dúirt Clár Ní Fhiaidh go raibh an teaghlach fós ag iarraidh teacht chucu féin agus go raibh sé i bhfad róluath a leithéid de chlár a chraoladh, go háirithe agus fiosrúchán faoin tragóid fós ar bun.

Dúirt sí go raibh a neacht ‘iontach feargach’ ó fuair sí amach go raibh an clár le craoladh agus go raibh an méid a bhí fógartha faoi ábhar an chláir tar éis cur isteach go mór uirthi.

Leo Varadkar DMG Media 7 1
Leo Varadkar Pic Tom Honan

Ba cheart craoladh an chláir a chur siar bliain chun deis a thabhairt do na teaghlaigh agus don phobal teacht chucu féin tuilleadh. a dúirt sí.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar inné gur cheart do TG4 dul i gcomhairle le teaghlaigh na marbh maidir leis an gclár.

‘“’D’iarrfainn ar TG4 suí síos leis na teaghlaigh atá i gceist, dul i gcomhairle leo, agus cinneadh a dhéanamh maidir le craoladh an chláir faisnéise ina dhiaidh sin,’”’ a dúirt sé.

‘“’Tá drogall orm mar cheannaire an Rialtais a rá le haon chraoltóir céard ar cheart nó nár cheart a chraoladh, nílim ag iarraidh é ansin a dhéanamh.

‘Ach cloisim céard atá ráite ag na teaghlaigh, tá trua againn go léir dóibh, agus d’iarrfainn ar TG4 go suífeadh siad síos leis na teaghlaigh ar a laghad agus an scéal a phlé leo, a dtuairim a chloisteáil agus iarracht a dhéanamh iad a thuiscint.’”’

I ráiteas, dúirt TG4 go raibh an clár  ag iarraidh aird a tharraingt ar mhuintir na háite a chuidigh leis an oibríocht tarrthála ar láthair na tubaiste.

Dúradh sa ráiteas go raibh na daoine a ghlac páirt sa chlár ag iarraidh a mbuíochas a chur in iúl don ghnáthphobal a tháinig i gcabhair ar a chairde agus a chomharsana.

Léirítear meas sa chlár do na daoine a maraíodh agus níl aon rud ann nár tuairiscíodh go poilbí cheana, a deir TG4.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram