Tá sé ráite ag roinnt teaghlach, a chaill a ndaoine muinteartha (loved ones) i bpléascadh an Chraoslaigh (Creeslough), leis an Rialtas go gcaithfear fiosrúchán poiblí a eagrú faoin bpléasc.
Tá sé ráite ag dlíodóir atá ag déanamh ionadaíochta ar bhaill teaghlaigh seachtar den deichniúr a fuair bás sa tragóid, i mí Dheireadh Fómhair 2022, go gcaithfear ceisteanna a fhreagairt faoinar tharla.
Tá an dlíodóir i ndiaidh scríobh chuig an Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee, ag iarraidh uirthi go mbunófar fiosrúchán neamhspleách faoin bpléasc sa sráidbhaile an Chraoslaigh (Creeslough) i gCo Dhún na nGall.
Tá sé aontaithe ag an Taoiseach Simon Harris go bhfuil ‘ceisteanna suntasacha’ le freagairt faoin bpléasc.
Mar sin féin dúirt sé: ‘Ba cheart dúinn éisteacht i gcónaí le teaghlaigh na n-íospartach agus táim cinnte go ndéanfaidh an Rialtas a n-iarratas a mheas.’
Fuair ceathrar fear, triúr ban agus triúr leanbh, idir cúig bliana d’aois agus 59 bliain d’aois, bás i bpléasc an Chraoslaigh (Creeslough).
Ní fios cén chúis atá leis, cé gur thug formhór na dtuairiscí le fios go bhféadfadh gur sceitheadh gáis (gas leak) a bhí ann.
I measc na ndaoine a fuair bás ann bhí Robert Garwe agus a iníon, a bhí cúig bliana d’aois, Shauna Flanagan-Garwe; Catherine O’Donnell agus a mac a bhí 13 bliana d’aois, James Monaghan; mac léinn faisin Jessica Gallagher, lucht leanúna Celtic Martin McGill; James O’Flaherty ó Sydney; oibrí siopa Martina Martin; siúinéir Hugh ‘Hughie’ Kelly; agus Leona Harper, a bhí 14 bliana d’aois.
Tá litir scríofa ag an gcomhlacht dlí Phoenix Law, a fheidhmíonn ar son fhormhór na dteaghlach, chuig Ms McEntee ag lorg fiosrúchán poiblí nó coimisiún imscrúdaithe go foirmiúil.
Dúirt Darragh Mackin, aturnae do theaghlaigh an Chraoslaigh (Creeslough), go raibh cruinniú iarrtha acu leis an Aire freisin.
Dúradh sa litir go raibh tragóid an Chraoslaigh (Creeslough) níos measa mar gheall ar easpa imscrúdaithe neamhspleách a bhí ag comhlíonadh chearta an duine.
Déanann an tUasal Mackin ionadaíocht ar neasghaol (next of kin) Robert Garwe, Shauna Flanagan-Garwe, Catherine O’Donnell, James Monaghan, Jessica Gallagher, Martina Martin agus Leona Harper.
Léirigh an litir a scríobh an tUasal Mackin go raibh ‘pian agus fulaingt doshamhlaithe’ ag teaghlaigh íospartaigh an phléasc an Chraoslaigh.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.