BRÓD ionainn féin: SSE Airtricity agus League of Ireland ag cur branda LGBT Ireland chun cinn an deireadh seachtaine seo

Tháinig SSE Airtricity agus Sraith na hÉireann (League of Ireland) le chéile chun tacú le LGBT Ireland agus daoine ag ullmhú do mhí Bród (Pride) i mí an Mheithimh.

Ní rud nua é seo do SSE Airtricity. Tá an Líne Chabhrach Náisiúnta (Helpline) LGBT+ urraithe ag an gcuideachta ó 2022 i leith. Ba é seo an chéad uair a fuair an Líne Chabhrach maoiniú iomlán.

Chun an fhorbairt a cheiliúradh beidh brandála LGBT Ireland ag chluichí na bhFear agus na mBan do chuid SSE Airtricity Premier Division, a imreofar ar an deireadh seachtaine seo, Dé hAoine agus Dé Sathairn, an 19 agus 20 Bealtaine, chun cuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn.

Cabhróidh sé seo le seirbhísí na líne cabhrach náisiúnta LGBT+ a chur chun cinn ar fud na tíre.

lgbtAirtricity
Keeva Keenan agus Roberto Lopez

Tá an feachtas seolta ag imreoirí Shraith na hÉireann Roberto Lopes (Shamrock Rovers) agus Keeva Keenan (Shelbourne).

Is seirbhís náisiúnta tacaíochta é LGBT Ireland do dhaoine Leispiacha, Aeracha, Déghnéasacha agus Trasinscneach (Lesbian, Gay, Bisexual, and Transgender) chomh maith lena dteaghlaigh agus lena gcairde.

Soláthraíonn sé tacaíocht agus eolas ar shaincheisteanna a bhaineann le gnéasacht agus féiniúlacht inscne do gach ball den phobal.

In 2022, d’fhógair an líne chabhrach Náisiúnta LGBT+ Éireann a comhpháirtíocht maoinithe le SSE Airtricity.

SCÉAL EILE: Dúshlán láidir ó Leo d’éilimh gur bagairt iad ‘brown men’ agus ‘gay men’

Ba é seo an chéad uair a bhfuil an líne chabhrach maoinithe go hiomlán, rud a ligeann don tseirbhís fanacht saor in aisce i mbliana.

Ligeann an chomhpháirtíocht freisin do LGBT Ireland seirbhísí breise a fhógairt agus tacú le hoiliúint agus oibrithe deonacha.

Mar urraitheoir teidil (title sponsors) tá SSE Airtricity in éineacht le Sraith na hÉireann ag tairiscint (providing) a spásanna urraíochta (sponsorship) reatha agus nua ag na clubanna chun Líne Chabhrach Náisiúnta LGBT+ a chur chun cinn laistigh de na clubanna, agus i measc lucht leanúna agus an phobail.

SCÉAL EILE: Tá Katie Taylor fós ag iarraidh troid i bPáirc an Chrócaigh, a deir Hearn

Beidh sé seo ag cluichí Príomhroinn agus Chéad Roinn na bhFear agus ag cluicí Príomhroinn na mBan ag an deireadh seachtaine.

In iarracht feasacht (awareness) a spreagadh ar na seirbhísí riachtanacha, tá SSE Airtricity, Sraith na hÉireann agus LGBT Ireland ag spreagadh clubanna freisin chun oibriú le chéile chun a gcomhluachanna (shared values) cuimsithe agus éagsúlachta a chur chun cinn.

Bhí SSE Airtricity agus Sraith na hÉireann i mbun go leor tionscadal roimhe seo chun éagsúlacht agus cuimsiú a chur chun cinn agus chun tuiscint a fháil ar an tábhacht a bhaineann le tacú le LGBT Ireland cultúr oscailte cuimsitheach a thógáil.

SCÉAL EILE: Laoch na Dubs Philly McMahon i Mountjoy le Rory’s Stories

Beidh an brandála LGBT Ireland ar siúl ag ceithre cluiche Phríomhroinn na mBan SSE Airtricity Dé hAoine 19 agus Dé Sathairn 20 Bealtaine 2023:

Príomhroinn na bhFear

Dé hAoine 19 Bealtaine – Shelbourne v St Patricks Athletics

Céad Roinn na bhFear

Aoine 19 Bealtaine – Ciarraí v Bray Wanderers

Príomhroinn na mBan

Dé Sathairn 20 Bealtaine – Bohemians v Baile Átha Luain

Dé Sathairn 20 Bealtaine – Sligo Rovers v Shelbourne.

Focail faoi LGBT Ireland

Cuireann LGBT Ireland tacaíocht ríthábhachtach ar fáil dóibh siúd is mó a bhfuil sé de dhíth orthu. Tá an líne chabhrach náisiúnta (national helpline) LGBT+ á reáchtáil trí líonra oibrithe deonacha oilte atá bunaithe i sé líne chabhrach áitiúla ar fud na tíre.

Bunaithe i gCorcaigh, Gaillimh, Maigh Eo, Cill Chainnigh, Dún Dealgan agus Baile Átha Cliath, oibríonn an líne chabhrach 30 uair sa tseachtain, seacht lá na seachtaine. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Líne Chabhrach LGBT trí freephone 1800 929 539.

Le haghaidh tuilleadh eolais tabhair cuairt ar LGBT.ie.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram