Fuair seisear Éireannach bás ag fáil ‘medical procedure’ thar lear

Tá seisear Éireannach tar éis bás a fháil le dhá bhliain anuas, tar éis dóibh taisteal thar lear le haghaidh gnáthaimh leighis (medical procedure) nó cosmaideacha, de réir tuairisce san Irish Independent.

Anuraidh, fuair ceathrar bás tar éis cuairteanna turasóireachta leighis, agus chaill beirt a saol in 2021, léiríonn na figiúirí is déanaí.

Níor cuireadh an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar an eolas faoi aon bhás idir 2017 agus 2020.

Doctor Nurse Medical Hospital 5 1168x681 1
Stethoscope closeup with a clipboard on the desk.

Agus méadú ar líon na ndaoine a roghnaíonn taisteal thar lear le haghaidh gnáthaimh (procedures), dúirt Coláiste Ríoga na Máinliá in Éirinn (Royal College of Surgeons, RCSI) go bhfuil a chomhaltaí ag déileáil le líon méadaithe na n-othar ag teacht isteach trí rannóga éigeandála (A&E) le castachtaí (complications) tar éis dóibh filleadh abhaile.

Tá méadú faoi thrí beagnach feicthe ag roinnt ospidéal ar dhaoine a dteastaíonn cóireáil éigeandála uathu le trí bliana anuas, de réir an nuachtáin.

Dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach bhfuil eolas acu ar na básanna, seachas ar na básanna ar cuireadh in iúl dóibh, nó i gcás ina bhfuair siad iarratais ar chúnamh consalachta.

SCÉAL EILE: Easpa drugaí chun déileáil le ‘hay fever’

‘B’fhéidir nach gcuirtear an Roinn ar an eolas i gcónaí faoi chúis an bháis agus b’fhéidir nach léiríonn na figiúirí an t-iomlán Éireannach a fuair bás thar lear agus iad ag dul faoi nósanna imeachta leighis nó cosmaideacha,’ a dúirt urlabhraí.

Tá éileamh níos mó ag teacht ar an Tuirc ag Éireannaigh atá ag iarraidh cóireáil fiaclóireachta agus chosmaidí (dental and cosmetic treatment) a fháil.

Spreag an méadú ar líon na ndaoine a thaistealaíonn thar lear le haghaidh gnáthaimh leighis an Roinn Gnóthaí Eachtracha chun comhairle nuashonraithe (updated advice) a eisiúint.

SCÉAL EILE: Mar gheall ar ‘obesity’ faigheann leanaí óga ‘diabetes’ agus ‘high blood pressure’

Tá sé seo i measc imní faoin méadú ar líon na ndaoine a thagann chuig ospidéil na hÉireann a bhfuil fadhbanna orthu.

‘Ba cheart do dhaoine aonair iarracht a dhéanamh iad féin a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le nósanna imeachta ar bith, agus moltar dóibh a bpleananna a phlé go cúramach lena ndochtúir, fiaclóir nó speisialtóir ospidéil féin sula dtugann siad faoi aon nós imeachta thar lear,” a dúirt sé.

SCÉAL EILE:Tá tús le deireadh Alzheimer aimsithe

‘Is eol don Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil fadhbanna ag roinnt saoránach le linn a gcóireála sa Tuirc, agus fuair roinnt acu bás tar éis gnáthaimh leighis.’

Tá costais arda, liostaí feithimh suas le cúig bliana agus easpa imeachta áirithe in Éirinn ag mealladh daoine thar lear, go dtí an Tuirc go príomha.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram