Tá tús le deireadh Alzheimer aimsithe

Tá tús le deireadh an ghalair Alzheimer aimsithe, a dúirt saineolaithe mar gheall ar dhrugaí nua.

Is gearr go gcuirfear Alzheimer ‘faoi laghdú (remission)’ den chéad uair – tar éis do dhruga nua meath cognaíocha (cognitive decline) a mhoilliú (slow down) faoi bhreis is aon trian.

Ghearr an druga Donanemab, a rinne Eli Lilly and Company, an meath suas le 36%, de réir thorthaí triail chliniciúil.

Mhoilligh an druga – a glacadh mar insileadh míosúil ar feadh 18 mí – freisin laghdú ar an gcumas gníomhaíochtaí laethúla (daily activity) a dhéanamh, faoi 40%, de réir a lucht déanta.

Dúirt saineolaithe go bhfágann an dul chun cinn an domhan ar an ‘chéad ghlúin de chóireálacha’ don ghalar thubaisteach – rud nach bhféadfaí a shamhlú deich mbliana ó shin.

In éineacht le druga eile, lecanemab, a fuair torthaí iontacha comhchosúla ag deireadh na bliana seo caite, dúirt siad go bhféadfadh go gciallódh sé ‘tús deireadh le galar Alzheimer’.

alzheimers 2
Ghearr an druga an meath suas le 36%, de réir thorthaí triail chliniciúil

Dúirt an Dr Richard Oakley, stiúrthóir comhlach taighde ag Cumann Alzheimer: ‘Tar éis 20 bliain gan drugaí nua Alzheimer ar bith, tá dhá dhruga nua fhéideartha againn anois i gceann 12 mhí – agus den chéad uair, is drugaí iad a bhfuil an chuma orthu go gcuireann siad moill ar dhul chun cinn an galar.’

I dtriail a raibh baint ag 1,182 duine leis, daoine a raibh an galar fós ina thus acu, laghdaigh an druga nua dul chun cinn Alzheimer níos mó ná aon trian i gcomparáid le phlaicéabó.

Feidhmíonn sé trí úsáid a bhaint as an gcóras imdhíonachta (immune system) chun deireadh a chur le amyloid – sé sin ‘toxic plaque’ san inchinn. Ní raibh fianaise ar bith ag beagnach leath de na rannpháirtithe (47%) de phlaic tar éis 12 mhí i gcomparáid le 29% den ghrúpa phlaicéabó.

Bhí riosca 39% níos ísle ag na daoine a ghlac Donanemab freisin go leanfaidh siad ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den ghalar.

Dúirt Dr Cath Mummery, néareolaí comhairleach ag

NHS Ospidéal Choláiste na hOllscoile Londain, gur dheimhnigh na torthaí ‘stairiúla’ go bhfuil muid ag dul isteach sa ré cóireála do ghalar Alzheimer.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram