Bhí ómós á thabhairt i rith an lae, Déardaoin, i ndiaidh bás imreoir óg camógaíochta as Co Chorcaí gan choinne.
Bhásaigh Sarah-Kate O’Meara, as Garrán na mBráthar (Gurranebraher), Co Chorcaí, ‘gan choinne’ ach go síochánta an tseachtain seo in Ospidéal an Mater Misericordiae timpeallaithe ag a teaghlach.
Fágann an bhean óg teaghlach grámhar ina diaidh, agus de réir fógra ar RIP.ie bhí sí ina iníon ‘treasured’ ag Tony agus Dian, agus deirfiúr le Emily, Isobel, James and Grace.
‘Gariníon ionúin (loving granddaughter) le Kathleen O’Leary agus Eileen O’Meara, agus Joe, nach maireann, agus James, agus neacht ionúin Sarah-Jane nach maireann.’
Tá cur síos déanta ag a club uirthi mar ‘imreoir óg álainn’ agus ‘comhalta mór’ de Chlub Camógaíochta Glen Rovers.
Ag tabhairt ómós, dúirt an club: ‘Tá muid trína chéile as bás anabaí (untimely), ár n-imreoir ionúin Sarah-Kate O’Meara, a fhógairt.’
‘Mar chomhartha ómóis, beidh leabhar comhbhróin ar oscailt i mBarra an Chlub ó 7pm go 10pm oíche Déardaoin agus Dé hAoine, d’aon duine ar mian leis nó léi í a mholadh. Codladh sámh,’ ar siad.
Ar an dul céanna, tá ómós tugtha ag na céadta daoine, ar líne, don imreoir camógaíochta uaillmhianach.
Scríobh duine amháin: ‘Cailín an-speisialta a bhí i Sarah-Kate agus ba mhór an pléisiúr a bheith ag obair léi.
‘Bhí sí cineálta, álainn, greannmhar, cliste agus uaillmhianach. Maraíonn sé dom nár éirigh liom bheith i mo chara léi níos faide ná mar a bhí, ach táim chomh buíoch freisin go raibh deis a bheith mar chara léi.
‘Ní dhéanfaidh sé seo ciall dom choíche; níl sé ceart.’
Dúirt duine eile: ‘Cailín álainn a bhí inti agus aoibh gháire uirthi. Beidh cuimhní breátha agam i gcónaí uirthi i mo ranganna le cúpla bliain anuas.’
Fógraíodh go mbeadh sí á tórramh sa bhaile, ina teach, Dé hAoine, idir 4pm agus 8pm, le paidreacha ag 8pm; agus go mbeadh a sochraid ar siúl Dé Sathairn, ag 11am, i Séipéal na Deascabhála (Church of the Ascension), Garrán na mBráthar.
Iarrtar orthu siúd ar mian leo a bheith i láthair síntiús a thabhairt d’Fhoras Croí na hÉireann (Irish Heart Foundation).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.